+Airteagal 43a Forálacha idirthréimhseacha maidir le hurrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe
---+Airteagal 43a 1.
---+Airteagal 43a 2.
---+Airteagal 43a 3.
---+Airteagal 43a 4.
|
Airteagal 43a Forálacha idirthréimhseacha maidir le hurrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe
Forálacha idirthréimhseacha maidir le hurrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43a 1.
|
I dtaca le hurrúsuithe sintéiseacha a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú cosanta creidmheasa maidir leo roimh an 9 Aibreán 2021, ní fhéadfaidh tionscnóirí agus SSPEnna an t-ainmniú “STS” nó “simplí trédhearcach caighdeánaithe”, nó ainmniú a thagraíonn go díreach nó go hindíreach do na téarmaí sin, a úsáid ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18 agus na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo tráth a thabharfar an fógra dá dtagraítear in Airteagal 27(1).
|
|
Airteagal 43a 2.
|
Go dtí dáta chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála dá dtagraítear in Airteagal 27(6), déanfaidh tionscnóirí, chun críocha na hoibleagáide a leagtar amach in Airteagal 27(1), an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil do ÚEUM i scríbhinn.
|
|
Airteagal 43a 3.
|
Measfar gur STS iad urrúsuithe ar cruthaíodh na chéad suíomhanna urrúsúcháin dóibh roimh an 9 Aibreán 2021 ar choinníoll:
(a)
gur chomhlíon siad, tráth na chéad suíomhanna urrúsúcháin a chruthú, na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 26b(1) go (5), (7) go (9) agus (11) agus (12), Airteagail 26c(1) agus (3), Airteagal 26e(1), an chéad fhomhír d'Airteagal 26e(2), an tríú agus an cheathrú fomhír d’Airteagal 26e(3), agus Airteagail 26e(6) go (9); agus
(b)
go gcomhlíonann siad, tráth a thugtar an fhógra de bhun Airteagal 27(1) agus ó shin i leith, na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 26b(6) agus (10), Airteagail 26c(2) agus (4) go (10), Airteagail 26d(1) go (5) agus an dara go dtí an seachtú fomhír d’Airteagal 26e(2), an chéad fhomhír agus an dara agus an cúigiú fomhír d’Airteagal 26e(3) agus Airteagail 26e(4) agus (5) .
|
|
Airteagal 43a 4.
|
Chun críocha phointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)
in Airteagal 26d(2), measfar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1)” in ionad “sula ndúnfar an t-idirbheart”;
(b)
in Airteagal 26d(3), measfar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1)” in ionad “roimh phraghsáil an urrúsaithe”;
(c)
in Airteagal 26d(5):
(i)
sa dara habairt, measfar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1)” in ionad “roimh an bpraghsáil”;
(ii)
sa tríú habairt, measfar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1)” in ionad “roimh an bpraghsáil, i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad”;
(iii)
ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach sa cheathrú habairt;
(iv)
forléireofar tagairtí do chomhlíonadh Airteagal 7 amhail is dá mbeadh feidhm ag Airteagal 7 maidir leis na hurrúsuithe sin d’ainneoin Airteagal 43(1).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|