3. I gcás ina gcuirfear feidhmeanna eile de chúram ar údarás réitigh arna ainmniú de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh na socruithe struchtúracha leordhóthanacha i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint idir na feidhmeanna arna gcur de chúram ar an údarás réitigh de bhun an Rialacháin seo agus na feidhmeanna eile uile arna gcur de chúram ar an údarás céanna. Go háirithe, cuirfear socruithe i bhfeidhm chun neamhspleáchas oibríochtúil éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear foireann, línte tuairiscithe agus próiseas cinnteoireachta ar leithligh de chuid an údaráis réitigh sin, ar aon chúraimí a fhéadfaidh an t-údarás réitigh a dhéanamh de bhun Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar údarás inniúil an CPL agus ar na cúraimí a fhéadfaidh an t-údarás réitigh a dhéanamh mar údarás inniúil na gcomhaltaí imréitigh dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.