12. Déanfaidh ESMA, i gcomhar le CEBC agus BERS, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar a thuilleadh na tosca dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 3.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.