5. I gcás nach dtiocfar ar chinneadh comhpháirteach faoi dheireadh na tréimhse ceithre mhí sin, agus ina n-easaontóidh tromlach simplí de na comhaltaí a bhfuil vóta acu le togra an údaráis inniúil i leith cinneadh comhpháirteach maidir le hábhar i ndáil le measúnú na bpleananna téarnaimh nó cur chun feidhme na mbeart de bhun phointí (a), (b) agus (d) d’Airteagal 10(10) den Rialachán seo, féadfaidh aon duine de na comhaltaí lena mbaineann a bhfuil vóta acu, ar bhonn an tromlaigh sin, an t-ábhar sin a tharchur chuig ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Fanfaidh údarás inniúil an CPL leis an gcinneadh arna ghlacadh ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus déanfaidh sé cinneadh i gcomhréir le cinneadh ESMA.