5. Sa phlean réitigh déanfar toimhdí stuama maidir leis na hacmhainní airgeadais atá ar fáil mar uirlisí réitigh a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus maidir leis na hacmhainní a mheasfar a bheidh ar fáil i gcomhréir le rialacha agus socruithe an CPL tráth a théitear faoi réiteach. Cuirfear san áireamh sna toimhdí stuama sin torthaí ábhartha na dtástálacha struis is déanaí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, a shonraítear i bpointe (b) d’Airteagal 24a (7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, chomh maith le cásanna dálaí foircneacha margaidh a théann thar na dálaí atá i bplean téarnaimh an CPL.