6. Déanfaidh údarás réitigh an CPL, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil agus i gcomhar leis an gcoláiste réitigh i gcomhréir leis an nós imeachta in Airteagal 14, athbhreithniú ar na pleananna réitigh agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé cothrom le dáta iad ar a laghad uair sa bhliain agus, i gcás ar bith, i ndiaidh aon athruithe ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil an CPL, ar a staid ghnó nó airgeadais nó aon athrú eile a dhéanann difear is ábhartha d’éifeachtacht an phlean.
Cuirfidh an CPL agus an t-údarás inniúil an t-údarás réitigh ar an eolas go pras faoi aon athrú den sórt sin.