1. De réir mar is gá, comhoibreoidh na CPLanna i dtarraingt suas na bpleananna réitigh agus soláthróidh siad dá n-údarás réitigh, bíodh sin ar bhonn díreach nó trí bhíthin a n-údarás inniúil, an fhaisnéis uile is gá chun na pleananna sin a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an anailís a shonraítear i Roinn B den Iarscríbhinn.
Aon fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír atá ar fáil cheana do na húdaráis inniúla, soláthróidh na húdaráis sin do na húdaráis réitigh í.