3. Laistigh de cheithre mhí tar éis an dáta a gheofar an tuarascáil a cuireadh isteach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, molfaidh an CPL bearta féideartha don údarás réitigh chun aghaidh a thabhairt ar na baic ábhartha a shainaithnítear sa tuarascáil nó chun iad a bhaint. Cuirfidh an t-údarás réitigh aon bheart arna mholadh ag an CPL in iúl don choláiste réitigh. Déanfaidh an t-údarás réitigh agus an coláiste réitigh a mheasúnú, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 17(1), an dtéann na bearta sin i ngleic go héifeachtach leis na baic sin nó an gcuireann siad deireadh leo go héifeachtach.