7. I gcás ina mainneoidh an coláiste réitigh, tar éis ceithre mhí ón dáta a tharchuirfear an tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 16(1), cinneadh comhpháirteach a ghlacadh, déanfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh féin maidir leis na bearta iomchuí is gá a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16(5). Déanfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh tar éis dó tuairimí na gcomhaltaí eile den choláiste réitigh arna gcur in iúl le linn na tréimhse ceithre mhí a chur san áireamh.
Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra i scríbhinn faoin gcinneadh don CPL, dá mháthairghnóthas, i gcás inarb ábhartha, agus do chomhaltaí eile an choláiste réitigh.