3. Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil na bearta dá bhforáiltear i bpointí (a) go (m) de mhír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin tar éis dó tionchar na mbeart sin sna Ballstáit eile ina mbíonn an CPL ag feidhmiú nó ag soláthar seirbhísí a chur san áireamh agus tar éis na húdaráis inniúla ábhartha a chur ar an eolas faoi sin, go háirithe i gcás ina mbeidh oibríochtaí an CPL criticiúil nó tábhachtach do na margaí airgeadais áitiúla, lena n-áirítear na háiteanna ina bhfuil comhaltaí imréitigh, ionaid trádála nasctha agus BMAnna bunaithe.