6. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ESMA agus don údarás réitigh ina leith agus rachaidh sé i gcomhairle leis an gcoláiste maoirseachta i ndáil leis na bearta atá beartaithe dá bhforáiltear i mír 1.
Tar éis dó na fógraí sin a thabhairt agus dul i gcomhairle leis an gcoláiste maoirseachta, cinnfidh an t-údarás inniúil an gcuirfidh sé aon cheann de na bearta dá bhforáiltear i mír 1 i bhfeidhm. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don choláiste maoirseachta, don údarás réitigh agus do ESMA i leith an chinnidh faoi na bearta atá le déanamh.