3. Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, i gcás inarb infheidhme, beidh luacháil chinntitheach bunaithe ar thoimhdí stuama agus ní thoimhdeofar sa luacháil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a d’fhéadfadh a bheith ann, aon chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais, nó aon chúnamh leachtachta ó bhanc ceannais a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús do CPL ón tráth a dhéanfar gníomhaíocht réitigh. Lena chois sin, cuirfear san áireamh sa luacháil gnóthú aon speansas réasúnach a thabhóidh an CPL faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 27(10).