2. I gcás ina ndéanfaidh údaráis réitigh gníomhaíocht réitigh ar bhonn luacháil shealadach, áiritheoidh siad go ndéanfar luacháil chinntitheach a luaithe is indéanta.
Maidir leis an luacháil chinntitheach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh an t-údarás réitigh:
|
(a)
|
gur féidir aitheantas iomlán a thabhairt d’aon chaillteanais de chuid an CPL ina leabhair;
|
|
(b)
|
go mbeidh sí ina faisnéis le haghaidh chinneadh éilimh ó chreidiúnaithe a aisiompú nó luach na comaoine íoctha a mhéadú, i gcomhréir le mír 3.
|