2. Sula ndéanfar príomhshuim na n-ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile a laghdú nó a chomhshó, laghdóidh an t-údarás réitigh méid ainmniúil na n-ionstraimí úinéireachta i gcomhréir leis na caillteanais agus suas go dtí a luach iomlán, i gcás inar gá.
I gcás, i gcomhréir leis an luacháil a rinneadh de bhun Airteagal 24(3), ina gcoimeádfaidh an CPL glanluach deimhneach i ndiaidh méid ainmniúil na n-ionstraimí úinéireachta a laghdú, cuirfidh an t-údarás réitigh na hionstraimí úinéireachta sin ar ceal, nó, de réir mar a bheidh, déanfaidh sé iad a mhaolú.