3. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh an t-údarás réitigh an uirlis díolta gnó a chur i bhfeidhm gan an ceanglas margaithe a chomhlíonadh, nó féadfaidh sé na sócmhainní, cearta, oibleagáidí, dliteanais nó na hionstraimí úinéireachta a mhargú gan na critéir dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh i gcás ina gcinnfidh sé gur dócha go mbainfeadh comhlíonadh an cheanglais sin nó na gcritéar sin an bonn de cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh, lena n-áirítear trí bhagairt ábhartha a chruthú don chobhsaíocht airgeadais.