11. Chun críocha a chearta a fheidhmiú i leith seirbhísí a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, measfar CPL idirlinne a bheith leantach ar CPL faoi réiteach agus féadfaidh sé leanúint d’aon cheart a fheidhmiú agus a d’fheidhmigh an CPL faoi réiteach i ndáil leis na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistrítear.
Chun aon chríoch eile, féadfaidh údaráis réitigh a éileamh go measfar CPL idirlinne a bheith leantach ar CPL faoi réiteach, agus go bhféadfaidh sé leanúint d’aon cheart a fheidhmiú agus a d’fheidhmigh an CPL faoi réiteach i ndáil leis na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistrítear.