1. Féadfaidh an t-údarás réitigh rialú a dhéanamh ar an CPL faoi réiteach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
gníomhaíochtaí agus seirbhísí an CPL a bhainistiú, agus cumhachtaí a scairshealbhóirí agus a bhoird á bhfeidhmiú aige;
|
|
(b)
|
dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca;
|
|
(c)
|
sócmhainní agus maoin an CPL faoi réiteach a bhainistiú agus a dhiúscairt.
|
Féadfaidh an t-údarás réitigh an rialú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh go díreach nó féadfaidh bainisteoir speisialta arna cheapadh ag an údarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 50(1) a dhéanamh amhlaidh go hindíreach.