|
+Airteagal 73 3 |
Airteagal 73 33. Beidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 faoi thoirmeasc faisnéis rúnda a gheofar a nochtadh le linn a ngníomhaíochtaí gairmiúla nó ó údarás inniúil nó ó údarás réitigh i ndáil lena bhfeidhmeanna faoin Rialachán seo, d’aon duine nó d’aon údarás, mura rud é gur ag feidhmiú a bhfeidhmeanna a bheidh siad faoin Rialachán seo nó i bhfoirm achoimre nó chomhiomlán sa chaoi nach féidir CPLanna aonair a shainaithint nó le toiliú sainráite nó réamhthoiliú an údaráis nó an CPL a chuir an fhaisnéis ar fáil. Sula ndéantar aon chineál faisnéise a nochtadh, déanfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 measúnú ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh nochtadh na faisnéise sin a imirt ar leas an phobail maidir le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch, ar leasanna tráchtála daoine nádúrtha agus dlítheanacha, chun críche cigireachtaí, ar imscrúduithe agus ar iniúchtaí. Áiritheofar leis an nós imeachta maidir le héifeachtaí nochta faisnéise a sheiceáil go bhfuil measúnú sonrach ar éifeachtaí aon nochta ar ábhair agus ar mhionsonraí na bpleananna téarnaimh agus réitigh dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 12 agus toradh aon mheasúnaithe a dhéanfar faoi Airteagail 10 agus 15. I gcás sárú ar an Airteagal seo, beidh aon duine nó eintiteas dá dtagraítear i mír 1 faoi réir dliteanas sibhialta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|