3. Ní dhéanfaidh na húdaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta na himeachtaí sin a thionscnamh ach amháin tar éis don údarás réitigh fógra a thabhairt dóibh faoina chinneadh gan aon ghníomhaíocht réitigh a dhéanamh maidir leis an CPL nó i gcás nach bhfaighfear aon fhógra laistigh de sheacht lá den fhógra dá dtagraítear i mír 2.
I gcás inar gá, ionas go gcuirfear na huirlisí agus na cumhachtaí réitigh i bhfeidhm go héifeachtach, féadfaidh na húdaráis réitigh a iarraidh ar an gcúirt bac a chur i bhfeidhm ar aon ghníomhaíocht bhreithiúnach nó imeacht breithiúnach ina bhfuil CPL faoi réiteach nó ina bhféadfadh an CPL sin a bheith ina pháirtí ar feadh tréimhse iomchuí ama i gcomhréir leis na cuspóirí réitigh.