4. Faoin 12 Lúnasa 2022, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin arna bhfoilsiú ar bhonn anaithnid ag Ballstáit mar a fhoráiltear dó faoi mhír 2 agus go háirithe maidir le cibé an raibh difríochtaí suntasacha ann idir Ballstáit ina leith sin nó nach raibh. Tabharfar aghaidh sa tuarascáil sin freisin ar aon éagsúlachtaí suntasacha maidir leis an ré ar lena linn a fhoilseofar pionóis riaracháin nó bearta eile riaracháin faoi dhlí náisiúnta na mBallstát maidir le pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin a fhoilsiú.