|
+Airteagal 89 (1) |
Airteagal 89 (1)in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: “6. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 4 go 7 den Treoir seo maidir le haon srian ar fhorfheidhmiú na socruithe comhthaobhachta airgeadais nó aon srian ar éifeacht socraithe comhthaobhachta airgeadais urrús, ar aon ghlanluacháil socraíochta nó ar aon fhoráil fritháirimh arna forchur de bhua Theideal IV, Caibidil V nó Caibidil VI de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), nó de bhua Theideal V, Caibidil III, Roinn 3, nó de bhua Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) nó maidir le haon srian den chineál sin arna fhorchur de bhua cumhachtaí den chineál céanna i ndlí Ballstáit chun cuidiú le réiteach ordúil aon eintitis dá dtagraítear i bpointe (c)(iv) nó (d) de mhír 2 den Airteagal seo atá faoi réir coimircí ar coibhéiseach iad ar a laghad leo sin a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil VII de Threoir 2014/59/AE agus i dTeideal V, Caibidil V de Rialachán (AE) 2021/23.” (*) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)." (**) Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014 (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 022, 22.1.2021, lch. 1).”;" 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|