+Airteagal 89 Leasuithe ar Threoir 2002/47/CE
---+Airteagal 89 (1)
---+Airteagal 89 (2)
|
Airteagal 89 Leasuithe ar Threoir 2002/47/CE
Leasaítear Treoir 2002/47/CE mar a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 89 (1)
|
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
“6. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 4 go 7 den Treoir seo maidir le haon srian ar fhorfheidhmiú na socruithe comhthaobhachta airgeadais nó aon srian ar éifeacht socraithe comhthaobhachta airgeadais urrús, ar aon ghlanluacháil socraíochta nó ar aon fhoráil fritháirimh arna forchur de bhua Theideal IV, Caibidil V nó Caibidil VI de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), nó de bhua Theideal V, Caibidil III, Roinn 3, nó de bhua Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) nó maidir le haon srian den chineál sin arna fhorchur de bhua cumhachtaí den chineál céanna i ndlí Ballstáit chun cuidiú le réiteach ordúil aon eintitis dá dtagraítear i bpointe (c)(iv) nó (d) de mhír 2 den Airteagal seo atá faoi réir coimircí ar coibhéiseach iad ar a laghad leo sin a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil VII de Threoir 2014/59/AE agus i dTeideal V, Caibidil V de Rialachán (AE) 2021/23.”
(*) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)."
(**) Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014 (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 022, 22.1.2021, lch. 1).”;"
|
|
Airteagal 89 (2)
|
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9a:
“Airteagal 9a
Treoir 2008/48/CE, Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) 2021/23
Ní dochar an Treoir seo do Threoir 2008/48/CE, do Threoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) 2021/23 .”.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0023
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|