|
+Airteagal 95 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 |
Airteagal 95 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014Airteagal 95 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 In Airteagal 54(2), cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad fomhíre: “Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil gá le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán a eisiamh ó raon feidhme Airteagail 35 agus 36 i gcomhréir le hAirteagal 52(12), féadfaidh CCP nó ionad trádála, roimh an 11 Feabhra 2021 iarratas a chur isteach chuig a údarás inniúil chun cead a fháil leas a bhaint as socruithe idirthréimhseacha. Féadfaidh an t-údarás inniúil, agus aird aige ar rioscaí a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gceart rochtana faoi Airteagail 35 nó faoi Airteagal 36 a mhéid a bhaineann le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán d’fheidhmiú ordúil an CCP ábhartha nó an ionaid trádála, a chinneadh nach mbeadh feidhm ag Airteagal 35 ná Airteagal 36 maidir leis an CCP ábhartha nó leis an ionad trádála, faoi seach, i dtaca le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, ar feadh idirthréimhse go dtí an 3 Iúil 2021. I gcás ina bhformheasfar tréimhse idirthréimhseach den sórt sin, ní thairbheoidh an CCP ná an t-ionad trádála de na cearta rochtana faoi Airteagal 35 nó faoi Airteagal 36 a mhéid a bhaineann le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán ar feadh ré na tréimhse sin. Nuair a dhéanfar idirthréimhse a fhormheas, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ESMA agus, i gcás CCP, do choláiste na n-údarás inniúil i leith an CCP sin.”. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|