+Airteagal 3 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcás institiúidí nó institiúidí airgeadais a bhainistíonn gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó ná sin nach n-áirítear sa chomhdhlúthú
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2

Airteagal 3 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcás institiúidí nó institiúidí airgeadais a bhainistíonn gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó ná sin nach n-áirítear sa chomhdhlúthú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1

1.   I gcásanna rannpháirtíochtaí in institiúidí nó in institiúidí airgeadais a bhainistíonn gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó ná sin nach n-áirítear sa chomhdhlúthú, ceanglóidh an maoirseoir comhdhlúthacháin comhdhlúthú comhréireach de bhun Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rialaíonn na gnóthais rannpháirteacha tromlach chearta vótála na scairshealbhóirí nó na mball san institiúid nó san institiúid airgeadais lena mbaineann go comhpháirteach nó tá sé ar a gcumas dóibh gníomhaíochtaí ábhartha na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais a chomhstiúradh, de bhun socrú conarthach atá infhorfheidhmithe le dlí a bheith eatarthu nó de bhun clásail atá i meabhráin na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais nó de bhun clásail atá in airteagail chomhlachais na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais;

(b)

teastaíonn toiliú d’aon toil na ngnóthas rannpháirteach uile chun cinntí a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí ábhartha na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais;

(c)

sonraítear sa socrú conarthach dá dtagraítear i bpointe (a) nó i gclásail mheabhráin na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais nó i gclásail a hairteagal comhlachais go bhfuil dliteanas na ngnóthas rannpháirteach teoranta don scair den chaipiteal san institiúid nó san institiúid airgeadais lena mbaineann atá ar teachtadh acu.

Airteagal 3 2

2.   Sna cásanna dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfar comhdhlúthú comhréireach ar bhonn na scaire den chaipiteal atá ar teachtadh san institiúid nó san institiúid airgeadais lena mbaineann agus i gcomhréir le hAirteagal 26(2) de Threoir 2013/34/AE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.04.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0676
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.