+Airteagal 6 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcásanna ina bhfuil dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó ná sin curtha faoi bhainistíocht aonair gan an bhainistíocht sin a bheith de bhun conartha, de bhun clásail atá ina meabhráin nó de bhun clásail atá ina n-airteagail chomhlachais a dhéantar an méid sin
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
|
Airteagal 6 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcásanna ina bhfuil dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó ná sin curtha faoi bhainistíocht aonair gan an bhainistíocht sin a bheith de bhun conartha, de bhun clásail atá ina meabhráin nó de bhun clásail atá ina n-airteagail chomhlachais a dhéantar an méid sin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Cinnfidh údarás inniúil go gceanglaítear dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó ná sin a chomhdhlúthú, ar institiúidí nó institiúidí airgeadais iad a chuirtear faoi bhainistíocht aonair gan an bhainistíocht sin a bheith de bhun conartha, de bhun clásail atá ina meabhráin nó de bhun clásail atá ina n-airteagail chomhlachais a dhéantar an méid sin chun críocha Airteagal 18(6), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
rinne an t-údarás inniúil measúnú a raibh sé d’aidhm aige a dheimhniú go gcomhordaítear beartais airgeadais agus oibríochta na n-institiúidí nó na n-institiúidí airgeadais go héifeachtach; agus
|
|
(b)
|
níl na hinstitiúidí ná na hinstitiúidí airgeadais lena mbaineann gaolmhar de réir bhrí Airteagal 22(1), (2) agus Airteagal 22(7), pointe (b), de Threoir 2013/34/AE.
|
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Chun críocha mhír 1, pointe (a) féadfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe, na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh mar thásca lena léirítear gurb ann don staid dá dtagraítear sa phointe sin:
|
(a)
|
rialaíonn an duine céanna nó na daoine céanna, nó an t-eintiteas céanna nó na heintitis chéanna, go díreach nó go hindíreach, na hinstitiúidí nó na hinstitiúidí airgeadais lena mbaineann;
|
|
(b)
|
daoine arna gceapadh ag an duine nádúrtha céanna nó na daoine nádúrtha céanna, nó an t-eintiteas céanna nó na heintitis chéanna atá i dtromlach bhaill chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta na n-institiúidí nó na n-institiúidí airgeadais, fiú mura bhfuil na daoine céanna i measc na mball sin.
|
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Sna cásanna dá dtagraítear san Airteagal seo, ceadóidh nó ceanglóidh na húdaráis inniúla úsáid mhodh an chomhdhlúthaithe dá bhforáiltear in Airteagal 22(8) agus (9) de Threoir 2013/34/AE.
|
|
Airteagal 6 4
|
4. Beidh feidhm ag Airteagal 2(1), (2), agus (3) den Rialachán seo chun an t-eintiteas a chinneadh a bheidh freagrach as comhlíontacht a áirithiú leis na ceanglais dá dtagraítear i gCuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2, Roinn 1, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn staid chomhdhlúite na n-institiúidí uile nó na n-institiúidí airgeadais uile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 26.04.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0676
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|