+Preamble: 1
|
Preamble: 1
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 325u(5), an ceathrú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Tá sonraíocht na n-ionstraimí a thagraíonn d’ionstraim fholuiteach choimhthíoch dá bhforáiltear in Airteagal 325u(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sách soiléir chun go bhféadfaidh institiúidí a shainaithint cad is ionstraim fholuiteach coimhthíoch ann chun críocha ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh priacail iarmharacha a leagtar amach in Airteagal 325u. Dá bhrí sin, níl gá le haon sonraíocht bhreise ar bhrí ionstraime foluití coimhthíche.
|
|
(2)
|
Go háirithe, comhlíonann priacal fad saoil, an aimsir, tubaistí nádúrtha agus luaineacht a réadófar sa todhchaí an tsonraíocht d’ionstraim fholuiteach choimhthíoch, i gcomhréir leis an léiriú a thugtar sa chreat idirnáisiúnta ábhartha arna shainiú ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB).
|
|
(3)
|
Níl an sainmhíniú ar ionstraimí a ngabhann priacail iarmharacha leo dá bhforáiltear in Airteagal 325u(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 soiléir go leor chun go mbeidh institiúidí in ann ionstraimí áirithe lena ngabhann priacail iarmharacha a shainaithint. Dá bhrí sin, ba cheart liosta ionstraimí lena ngabhann priacail iarmharacha, cé nach liosta uileghabhálach a bheadh ann, a shonrú chun méid áirithe comhchuibhithe agus comhsheasmhachta a áirithiú sa chaoi a gcaitear le hionstraimí a ngabhann na priacail sin leo ar fud an Aontais. Ba cheart eilimintí an liosta sin a roghnú agus creat idirnáisiúnta ábhartha CBMB á chur san áireamh. I gcás ionstraimí eile ina bhfuil toimhde go ngabhann priacail iarmharacha leo, ba cheart d’institiúidí a mheas an gcomhlíonann na hionstraimí sin an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 325u(2), pointe (b), den Rialachán sin.
|
|
(4)
|
I bhfianaise an chineáil neamhchaighdeánaigh de go leor de na hionstraimí a ngabhann priacal iarmharach leo, ba cheart liosta neamh-uileghabhálach priacal, ar priacail nár cheart a bheith iontu féin ina spreagadh do chur san áireamh ionstraime faoin sainmhíniú ar ionstraimí lena ngabhann priacail iarmharacha, a shonrú freisin d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht níos fearr a sholáthar. Mar sin féin, ba cheart d’institiúidí a mheas an bhféadfaí ionstraim atá neamhchosanta ar na priacail sin a mheas mar ionstraim atá neamhchosanta ar phriacal iarmharach má chomhlíonann an ionstraim ceann de na coinníollacha eile dá dtagraítear in Airteagal 325u(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
(5)
|
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.
|
|
(6)
|
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.11.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R2328
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|