2. Údarás inniúil a shainaithníonn, mar chuid den mheasúnú a dhéantar i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhfuil easnaimh mhóra sa tsamhail tomhais riosca inmheánach i ndáil le roinnt aicmí táirgí i ndeasc thrádála ar leith, nó nach féidir a dheimhniú go bhfuil cuntas teiste cruthaithe ag an tsamhail sin maidir le cruinneas réasúnta a tomhais ar rioscaí a chomhfhreagraíonn do na haicmí táirgí sin, féadfaidh sé ceachtar de na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
a cheangal ar an institiúid na suíomhanna a chomhfhreagraíonn do na haicmí táirgí sin a bhaint den deasc thrádála sin;
|
|
(b)
|
diúltú cead a dheonú chun na ceanglais cistí dílse a ríomh i gcomhréir le cur chuige na samhlacha inmheánacha i gcás na deisce trádála sin.
|