+Airteagal 1 Struchtúr an mheasúnaithe
---+Airteagal 1 1
---+Airteagal 1 2
---+Airteagal 1 3
---+Airteagal 1 4

Airteagal 1 Struchtúr an mheasúnaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 1

1.   Nuair a bheidh na húdaráis inniúla ag fíorú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann institiúid na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 325bh, 325bi, 325bn, 325bo agus 325bp de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

na gnéithe rialachais, i gcomhréir le Caibidil 2 den Rialachán seo;

(b)

gnéithe a bhaineann leis an tsamhail tomhais riosca inmheánach a úsáidtear chun an beart easnaimh ionchasaigh agus an beart riosca maidir le cás struis a ríomh, i gcomhréir le Caibidil 3 den Rialachán seo;

(c)

gnéithe a bhaineann leis an tsamhail inmheánach maidir leis an riosca mainneachtana a úsáidtear chun an ceanglas cistí dílse breise le haghaidh riosca mainneachtana a ríomh, i gcomhréir le Caibidil 4 den Rialachán seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh na húdaráis inniúla na prionsabail a bhaineann le comhréireacht a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 2, cáilíocht na doiciméadachta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3, agus na socruithe seachfhoinsithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 4.

Airteagal 1 2

2.   Údarás inniúil a shainaithníonn, mar chuid den mheasúnú a dhéantar i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhfuil easnaimh mhóra sa tsamhail tomhais riosca inmheánach i ndáil le roinnt aicmí táirgí i ndeasc thrádála ar leith, nó nach féidir a dheimhniú go bhfuil cuntas teiste cruthaithe ag an tsamhail sin maidir le cruinneas réasúnta a tomhais ar rioscaí a chomhfhreagraíonn do na haicmí táirgí sin, féadfaidh sé ceachtar de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a cheangal ar an institiúid na suíomhanna a chomhfhreagraíonn do na haicmí táirgí sin a bhaint den deasc thrádála sin;

(b)

diúltú cead a dheonú chun na ceanglais cistí dílse a ríomh i gcomhréir le cur chuige na samhlacha inmheánacha i gcás na deisce trádála sin.

Airteagal 1 3

3.   Údarás inniúil a thagann ar an gconclúid go bhfuil aicmí táirgí i ndeasc thrádála ar leith curtha in áirithe as a chéile leo siúd ar le heintiteas eile den ghrúpa iad atá lasmuigh de raon feidhme an leibhéil comhdhlúthaithe is airde laistigh den Aontas, agus go gcuireann an cur in áirithe as a chéile sin bac ar an údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil cuntas teiste cruthaithe ag an tsamhail tomhais riosca inmheánach maidir le cruinneas réasúnta a tomhais ar rioscaí a chomhfhreagraíonn do na haicmí táirgí sin, féadfaidh sé ceachtar de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a cheangal ar an institiúid na suíomhanna a chomhfhreagraíonn do na haicmí táirgí sin a bhaint den deasc thrádála sin;

(b)

diúltú cead a dheonú chun na ceanglais cistí dílse a ríomh i gcomhréir le cur chuige na samhlacha inmheánacha i gcás na deisce trádála sin.

Airteagal 1 4

4.   I gcás ina ndéanfar riosca margaidh suíomhanna a chomhfhreagraíonn do roinnt aicmí táirgí a aistriú chuig eintiteas eile den ghrúpa atá lasmuigh de raon feidhme an leibhéil comhdhlúthaithe is airde laistigh den Aontas, agus i gcás ina mbeidh éifeachtaí aistrithe den sórt sin cosúil de facto le héifeachtaí suíomhanna a chuirtear in áirithe as a chéile, féadfaidh an t-údarás inniúil mír 3 a chur i bhfeidhm.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.