+Airteagal 4 Seachfhoinsiú
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
---+Airteagal 4 3
---+Airteagal 4 4

Airteagal 4 Seachfhoinsiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1

1.   Fíoróidh na húdaráis inniúla nach cosc ná bac ar chur i bhfeidhm na modheolaíochta measúnaithe a leagtar amach sa Rialachán seo é an seachfhoinsiú a dhéanann institiúid ar aon chúram, aon ghníomhaíocht nó aon fheidhm a bhaineann le dearadh, cur chun feidhme agus bailíochtú na samhlacha inmheánacha.

Airteagal 4 2

2.   Chun críocha mhír 1, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

ní dhéantar cúraimí agus freagrachtaí a fhorchoimeádtar don aonad rialaithe riosca a sheachfhoinsiú;

(b)

tá baint ghníomhach ag an ardbhainistíocht agus ag an gcomhlacht bainistíochta le maoirseacht a dhéanamh ar aon chúram a ndéanann an institiúid seachfhoinsiú air, agus le haon réiteach le haghaidh uirlisí TF um bainistíocht riosca a fháil ó thríú páirtithe;

(c)

tá eolas leormhaith ag an institiúid féin maidir le haon chúram, aon ghníomhaíocht nó aon fheidhm a sheachfhoinsítear agus maidir le struchtúr sonraí ar bith agus modheolaíochtaí a fhaightear ó thríú páirtí, agus tá sí in ann cáilíocht na hoibre a dhéanann an tríú páirtí a seachfhoinsíonn sí a cúraimí chuige, chomh maith le torthaí na hoibre sin, a fhíorú;

(d)

níl an t-iniúchadh inmheánach ná an faireachán leanúnach a dhéanann an institiúid ar aon chúram, aon ghníomhaíocht agus aon fheidhm a sheachfhoinsítear teoranta ná coiscthe mar gheall ar an seachfhoinsiú sin;

(e)

deonaítear rochtain iomlán do na húdaráis inniúla ar an bhfaisnéis ábhartha uile.

Airteagal 4 3

3.   I gcás tríú páirtithe a bhfuil baint acu le forbairt na modheolaíochtaí measúnaithe riosca margaidh a úsáideann an institiúid, fíoróidh na húdaráis inniúla nach bhfuil baint acu leis an mbailíochtú tosaigh ná leis an mbailíochtú inmheánach leanúnach a dhéanann an institiúid ar an tsamhail.

Airteagal 4 4

4.   Chun críocha mhíreanna 1, 2 agus 3, déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar an gcomhaontú seachfhoinsithe idir an institiúid agus an tríú páirtí. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:

(a)

agallamh a chur ar aon cheann de na páirtithe seo a leanas nó a cheangal orthu ráitis i scríbhinn a chur isteach:

(i)

foireann agus ardbhainistíocht na hinstitiúide;

(ii)

comhlacht bainistíochta na hinstitiúide;

(iii)

an tríú páirtí ar seachfhoinsíodh an cúram, an ghníomhaíocht nó an fheidhm chuige;

(b)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile de chuid na hinstitiúide nó an tríú páirtí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.