+Airteagal 14 Measúnú ar leordhóthanacht teorainneacha trádála
---+Airteagal 14 (a)
---+Airteagal 14 (b)
---+Airteagal 14 (c)
---+Airteagal 14 (d)
---+Airteagal 14 (e)
---+Airteagal 14 (f)
---+Airteagal 14 (g)
---+Airteagal 14 2

Airteagal 14 Measúnú ar leordhóthanacht teorainneacha trádála

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht teorainneacha trádála dá dtagraítear in Airteagal 103(2), pointe (b)(ii), Airteagal 104b(2), pointí (c) agus (f), agus Airteagal 325bi(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 (a)

tá miondealú soiléir ar theorainneacha trádála ag an institiúid atá comhsheasmhach leis an leibhéal riosca inghlactha a shocraigh an institiúid agus le buiséad gach deisce trádála;

Airteagal 14 (b)

tugann an rogha teorainneacha trádála léiriú ar straitéis trádála na deisce trádála agus ar chineál na rioscaí foluiteacha;

Airteagal 14 (c)

áirítear ar na teorainneacha trádála na nithe seo a leanas:

(i)

teorainn luacha faoi riosca don uasleibhéal comhiomlánaithe punainne ar a gcuirtear an tsamhail inmheánach i bhfeidhm;

(ii)

teorainn luacha faoi riosca le haghaidh gach deasc thrádála ar ina leith a úsáideann an institiúid an tsamhail tomhais riosca inmheánach chun a ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh;

Airteagal 14 (d)

tá miondealú breise ag an institiúid ar na teorainneacha luacha faoi riosca, atá comhréireach le straitéisí trádála na hinstitiúide;

Airteagal 14 (e)

tá na teorainneacha inmheánacha uile, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear i bpointe (c), doiciméadaithe go cuí agus formheasta go foirmiúil;

Airteagal 14 (f)

mar chuid den phróiseas chun teorainn a fhormheas agus a thabhairt cothrom le dáta, déanann an t-aonad rialaithe riosca measúnú agus doiciméadú ar an gcomhsheasmhacht agus an chomhoiriúnacht idir na teorainneacha luacha faoi riosca a fhormheasann an comhlacht bainistíochta agus ar an gcuid eile de na teorainneacha inmheánacha nach bhfuil bunaithe ar luach faoi riosca, lena n-áirítear íogaireachtaí nó truicear caillteanais;

Airteagal 14 (g)

déanann an institiúid doiciméadú cuí agus formheas foirmiúil ar fhardal ionstraimí údaraithe agus suíomhanna riosca fholuitigh a fhéadann trádálaithe a iontráil.

Airteagal 14 2

Chun críocha phointe (c)(i), is é a bheidh sa teorainn luacha faoi riosca suim na dteorainneacha aonair luacha faoi riosca i gcás nár deonaíodh an cead chun cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.