3. Chun críocha mhír 2, pointe (a), féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid na fachtóirí riosca i sampla d’ionstraimí airgeadais nó tráchtearraí a shainaithint, agus a measúnú a dhéanamh agus cineál na n-ionstraimí airgeadais lena ngabhann na fachtóirí riosca á chur san áireamh. I gcás ina gceanglófar an sampla sin, díreoidh na húdaráis inniúla ar ionstraimí airgeadais nó tráchtearraí lena ngabhann raon sách leathan de chineálacha fachtóra riosca chun a áirithiú go ndéanfar measúnú cuimsitheach.