+Airteagal 33 Measúnú ar thréimhse leachtachta ionchasach na bhfachtóirí riosca
---+Airteagal 33 1
---+Airteagal 33 2
---+Airteagal 33 3
---+Airteagal 33 4

Airteagal 33 Measúnú ar thréimhse leachtachta ionchasach na bhfachtóirí riosca

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 33 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide le hAirteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir le tréimhse leachtachta ionchasach na bhfachtóirí riosca, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear leis na beartais inmheánacha dá dtagraítear sa phointe sin go gcuirfear fardal cothrom le dáta ar aird lena sonrófar, i gcás gach fachtóra riosca, an méid seo a leanas:

(a)

tuairisc ar an bhfachtóir riosca;

(b)

cé acu atá nó nach bhfuil an fachtóir riosca insamhaltaithe de réir an mheasúnaithe insamhaltaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 325be de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus, i gcás ina mbeidh an fachtóir riosca insamhaltaithe, cé acu a áirítear nó nach n-áirítear an fachtóir riosca sin san fhothacar fachtóirí riosca insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), pointe (a), den Rialachán sin;

(c)

tuairisc shimplí ar na hionchuir sonraí a úsáidtear chun an fachtóir riosca a mharcáil;

(d)

an tréimhse leachtachta a shanntar don fhachtóir riosca mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bd(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(e)

an amhlaidh nach gcomhfhreagraíonn cineál an fhachtóra riosca d’aon chatagóir fachtóra riosca leathan mar a cheanglaítear le hAirteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2058;

(f)

cé acu atá nó nach bhfuil an riosca a ghabhtar leis an bhfachtóir riosca agus na hionchuir sonraí a úsáidtear le haghaidh an fhachtóra riosca sin comhfhreagrach do na fachtóirí riosca a d’fhéadfadh teacht faoi níos mó ná catagóir fachtóra riosca leathan amháin nó fochatagóirí fachtóra riosca leathan amháin mar a cheanglaítear le hAirteagal 1(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2058;

(g)

i gcás ina n-úsáidtear é chun innéacs aonchineálach a shamhaltú, cé acu ar úsáideadh nó nár úsáideadh an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2058 nó an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán sin chun fachtóir riosca a mhapáil chuig an gcatagóir fachtóra riosca leathan iomchuí agus chuig an bhfochatagóir fachtóra riosca leathan iomchuí de Thábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) 575/2013.

Airteagal 33 2

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach na hinstitiúide chun feidhme ina hiomláine i gcomhréir le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir le tréimhse leachtachta ionchasach na bhfachtóirí riosca, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

trí úsáid a bhaint as na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:

(i)

tá comhsheasmhacht idir cineál na bhfachtóirí riosca, na hionchuir sonraí a úsáidtear le haghaidh na bhfachtóirí riosca, agus an chatagóir fachtóra riosca leathan agus an fhochatagóir fachtóra riosca leathan de Thábla 2 d’Airteagal 325bd, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

cuireadh fachtóirí riosca cothromais agus fachtóirí riosca mainneachtana a léiríonn comhpháirt chórasach faoi réir na láimhseála dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2058, i gcás ina ndéantar na fachtóirí riosca sin a chalabrú agus úsáid á baint as ionchuir sonraí a bhaineann le catagóirí fachtóra riosca leathana nó fochatagóirí fachtóra riosca leathana éagsúla;

(iii)

tá fachtóirí riosca boinn a léiríonn an difríocht idir dhá fhachtóir riosca a shannfaí do dhá fhochatagóir éagsúla, dá ndéanfadh an institiúid iad a shamhaltú go díreach, seachas ar an mbonn, faoi réir na láimhseála dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2058;

(iv)

i gcás nach bhfuil fachtóir riosca i measc na bhfachtóirí riosca dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2058 agus nach mbaineann an fachtóir riosca sin gan débhrí le ceann de na fochatagóirí leathana rioscaí de Thábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déantar an fachtóir riosca sin a mhapáil chuig an bhfochatagóir ‘eile’ den chatagóir iomchuí;

(v)

fachtóirí riosca cothromais a aithnítear mar chothromas a bhfuil caipitliú margaidh mór aige, comhlíonann siad ceann amháin de an coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2058;

(b)

tá critéir oibiachtúla i bhfeidhm ag an institiúid chun cás ina dtagraíonn fachtóir riosca raoin difríochta creidmheasa do shuíomh de ghrád infheistíochta nó do shuíomh ardtoraidh a shainaithint;

(c)

i gcás ina gcuirfidh an institiúid an maolú a leagtar amach in Airteagal 325bd(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm maidir le tréimhsí leachtachta ionchasacha níos faide a úsáid i ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb den Rialachán sin agus i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin, déanann an institiúid idirdhealú idir suíomhanna ar le deasca trádála iad a n-úsáidtear an maolú lena n-aghaidh agus suíomhanna ar le deasca trádála iad nach n-úsáidtear an maolú sin lena n-aghaidh;

(d)

mar chuid den fhíorú míosúil dá dtagraítear in Airteagal 325bd(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoraíonn an institiúid cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(i)

i ngeall ar athrú ar an gcaipitliú cothromais nó ar chomhpháirteanna innéacsanna dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2058, tháinig athrú ar an bhfochatagóir is iomchuí d’fhachtóir riosca cothromais;

(ii)

i ngeall ar imirce nó ar theagmhais cáilíochta creidmheasa eile, tháinig athrú ar an bhfochatagóir is iomchuí d’fhachtóir riosca raoin difríochta creidmheasa;

(e)

ní bhreithnítear ach airgeadra amháin a bheith ina airgeadra náisiúnta chun fachtóir riosca a mhapáil chuig an gcatagóir leathan ‘Ráta úis’ agus chuig an bhfochatagóir ‘Airgeadraí is leachtaí agus airgeadra náisiúnta’ d’Airteagal 325bd, Tábla 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Chun críocha phointe (c), díreoidh na húdaráis inniúla ar fhachtóirí riosca ar leis an bhfochatagóir atá faoi réir an mhaolaithe iad agus ar ann dóibh i ndeasca trádála a n-úsáidtear an maolú lena n-aghaidh agus i ndeasca trádála nach n-úsáidtear an maolú lena n-aghaidh araon.

Airteagal 33 3

3.   Chun críocha mhír 2, pointe (a), féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid na fachtóirí riosca i sampla d’ionstraimí airgeadais nó tráchtearraí a shainaithint, agus a measúnú a dhéanamh agus cineál na n-ionstraimí airgeadais lena ngabhann na fachtóirí riosca á chur san áireamh. I gcás ina gceanglófar an sampla sin, díreoidh na húdaráis inniúla ar ionstraimí airgeadais nó tráchtearraí lena ngabhann raon sách leathan de chineálacha fachtóra riosca chun a áirithiú go ndéanfar measúnú cuimsitheach.

Airteagal 33 4

4.   Chun críocha mhír 2, pointe (d), den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid fachtóirí riosca a bhí faoi réir athrú ar an bhfochatagóir a sholáthar, agus a fhíorú, tar éis an fhíoraithe mhíosúil, go léirítear na hathruithe ar an tréimhse leachtachta ionchasach sa bheart riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus sa bheart riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.