4. Chun críocha mhír 2, pointe (c)(i), féadfaidh na húdaráis inniúla, ar shampla amshraitheanna de bhreathnuithe dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, a fhíorú, i gcás inar tairisigh iad breathnuithe san amshraith i gcaitheamh na laethanta gnó ina dhiaidh sin, go bhfuil na sonraí margaidh iarbhír don fhachtóir riosca gan athrú. Le linn do na húdaráis inniúla an sampla a bhailiú, breithneoidh siad amshraitheanna arb iad is saintréithe dóibh líon mór sonraí gan athrú i gcaitheamh na laethanta gnó ina dhiaidh sin.