+Airteagal 44 Measúnú ar an mbeart riosca maidir le cás struis
---+Airteagal 44 1
---+Airteagal 44 2
---+Airteagal 44 3
---+Airteagal 44 4
---+Airteagal 44 5
---+Airteagal 44 6
---+Airteagal 44 7
---+Airteagal 44 8
---+Airteagal 44 9
---+Airteagal 44 10
---+Airteagal 44 11
---+Airteagal 44 12
---+Airteagal 44 13
---+Airteagal 44 14
---+Airteagal 44 15
---+Airteagal 44 16

Airteagal 44 Measúnú ar an mbeart riosca maidir le cás struis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 44 1

1.   Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide le hAirteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir leis an dianchás de shuaitheadh amach anseo a chinneadh, fíoróidh siad cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na beartais inmheánacha dá dtagraítear sa phointe sin gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)

comhlíonann na beartais inmheánacha Airteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 (13);

(b)

ceanglaítear leis na beartais inmheánacha go gcuirfear fardal cothrom le dáta ar fáil lena ndéanfar na nithe seo a leanas i gcás gach fachtóra riosca neamh-insamhaltaithe:

(i)

tugtar tuairisc ar an bhfachtóir riosca;

(ii)

sonraítear an tréimhse leachtachta a shanntar don fhachtóir riosca i gcomhréir le hAirteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(iii)

sonraítear cé acu a ríomhann an institiúid an dianchás de shuaitheadh amach anseo leis an modh díreach nó leis an modh céim ar chéim dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 3, Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 faoi seach, nó a chinneann sí dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán Tarmligthe sin;

(iv)

i gcás ina n-úsáideann an institiúid an modh céim ar chéim, sonraítear cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear an modh stairiúil, modh na sigme neamhshiméadraí, nó modh an chúltaca chun na suaití anuas agus aníos a chalabrú;

(v)

i gcás fachtóirí riosca a gcinneann an institiúid dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo ina leith i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, tugtar bonn cirt leis an rogha sin;

(vi)

sonraítear cé acu atá nó nach bhfuil an fachtóir riosca ina chuid de bhuicéad agus, má tá, cén ceann;

(c)

sonraítear le beartais inmheánacha na critéir dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a)(i) agus Airteagal 4, pointe (a)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, lena leagtar síos an cás ina n-úsáidtear an modh díreach nó an modh céim ar chéim dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 3, Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán Tarmligthe sin le tagairt d’aon fhachtóir riosca neamh-insamhaltaithe nó d’aon bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe;

(d)

sonraítear le beartais inmheánacha na critéir chun laethanta gnó agus neamhghnó a shainaithint ar bhealach atá comhsheasmhach ar fud ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb den Rialachán sin;

(e)

sonraítear le beartais inmheánacha na critéir chun fachtóirí riosca a shainaithint a gcinneann an institiúid an beart riosca maidir le cás struis ina leith trí dhianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(f)

ceanglaítear le beartais inmheánacha go gcoimeádfaidh an institiúid cuntas ar na teipeanna praghsála uile dá dtagraítear in Airteagal 13(3) de Rialachán Tarmligthe (AE)2024/397, ar chúis na dteipeanna praghsála, agus ar na gníomhaíochtaí feabhais a dhéantar faoin Airteagal sin;

(g)

sonraítear le beartais inmheánacha a mhinice a dhéantar nuashonruithe, i gcomhréir le hAirteagal 12(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, ar an tréimhse struis a úsáidtear chun an dianchás de shuaitheadh amach anseo a chinneadh, agus na critéir fhéideartha eile a spreagann nuashonrú ar an tréimhse struis sin.

Airteagal 44 2

2.   Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir le ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás ina n-úsáideann an institiúid an modh díreach dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 i ndáil le fachtóirí riosca neamh-insamhlaithe:

(i)

a fhíorú cé acu a leanann nó nach leanann próisis na hinstitiúide na critéir dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 mar a leagtar síos sna beartais inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

a fhíorú cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an institiúid athruithe ar an gcur chuige a úsáidtear le haghaidh ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis a dhoiciméadú agus bonn cirt a thabhairt leo, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 1, pointe (a)(ii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(iii)

a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil aon difríocht ábhartha idir an beart riosca maidir le cás struis a eascraíonn, ar thaobh amháin, as an modh díreach agus, ar an taobh eile, as an modh céim ar chéim, le haghaidh na tréimhse 20 lá gnó dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a)(iii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, agus imscrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna atá le haon difríocht ábhartha;

(b)

i gcás ina n-úsáideann an institiúid an modh díreach dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 i ndáil le buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhlaithe:

(i)

a fhíorú cé acu a leanann nó nach leanann próisis na hinstitiúide na critéir dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (a)(i), den Rialachán Tarmligthe sin, mar a leagtar síos sna beartais inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

a fhíorú cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an institiúid athruithe ar an gcur chuige a úsáidtear le haghaidh ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis a dhoiciméadú agus bonn cirt a thabhairt leo, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 4, pointe (a)(ii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(iii)

a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil aon difríocht ábhartha idir an beart riosca maidir le cás struis a eascraíonn, ar thaobh amháin, as an modh díreach agus, ar an taobh eile, as an modh céim ar chéim, le haghaidh na tréimhse 20 lá gnó dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (a)(iii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, agus imscrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna atá le haon difríocht ábhartha;

(c)

i ndáil le cinneadh na hamshraithe de thorthaí 10 lá gnó dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397:

(i)

a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh nach n-áiríonn an institiúid níos mó ná barúil amháin in aghaidh an lae gnó san amshraith a úsáidtear chun beart riosca maidir le cás struis a ghiniúint, agus a fhíorú cé acu a áirítear nó nach n-áirítear leis an amshraith sonraí margaidh iarbhír agus na sonraí sin amháin, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(ii)

a fhíorú cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear na critéir dá dtagraítear i mír 1, pointe (d) chun laethanta gnó agus neamhghnó a shainaithint i ríomh na dtorthaí 10 lá gnó dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 agus sa síneadh ar an tréimhse struis suas le 20 lá gnó dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b), den Rialachán sin, agus a fhíorú cé acu a dhéantar nó nach ndéantar na céimeanna chun na torthaí 10 lá gnó a fháil, lena n-áirítear an cinneadh ar D t' dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (c), den Rialachán Tarmligthe sin, mar is ceart;

(iii)

maidir leis an amshraith d’fhachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe a ndearna an institiúid measúnú orthu roimhe seo mar fhachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe i gcomhréir le hAirteagal 325be de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a fhíorú cé acu a áirítear nó nach n-áirítear leo na breathnuithe arna n-úsáid ag an institiúid chun na cásanna de shuaitheadh amach anseo a chalabrú dá dtagraítear in Airteagal 325bc den Rialachán sin, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(d)

i ndáil le cur chun feidhme mhodh an chúltaca dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397:

(i)

a fhíorú cé acu is féidir nó nach féidir le hinstitiúidí bonn cirt a thabhairt leis na sonraí ganna dá bhfuil ar fáil i gcás na bhfachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó na mbuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe a n-úsáideann an institiúid modh an chúltaca ina leith;

(ii)

a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil sainaithint iomchuí ann ar fhachtóirí riosca a bhfuil an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 le húsáid ina leith;

(iii)

a fhíorú, le linn an modh dá dtagraítear in Airteagal 10(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 a chur i bhfeidhm, ar cé acu is é nó nach é an toradh ar an gcur chuige arna úsáid ag an institiúid chun fachtóir riosca a roghnú, ar fachtóir riosca é a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal sin, go gcinntear na suaití aníos agus anuas atá oiriúnach le haghaidh fachtóir riosca a gcuirtear modh an chúltaca i bhfeidhm ina leith;

(e)

é a cheangal ar an institiúid fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe a shainaithint a bhfuil luach na comhéifeachta neamhlíneachta ina leith dá dtagraítear in Airteagail 17 agus 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 cothrom le κ min nó κ max , dá dtagraítear sna hAirteagail sin, agus a fhíorú cé acu is iomchuí nó nach iomchuí an dianchás de shuaitheadh amach anseo nó, i gcomhréir le hAirteagal 325bk(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cé acu atá nó nach bhfuil sé le ceangal ar an institiúid dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(f)

i ndáil le cinneadh na tréimhse struis mar a cheanglaítear le hAirteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397:

(i)

i gcás ina gcinneann an institiúid an tréimhse struis trí uasmhéadú a dhéanamh ar an luach dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 agus trí úsáid a bhaint as modhanna praghsála bunaithe ar íogaireacht i gcomhréir le hAirteagal 13(4) den Rialachán Tarmligthe sin, stóinseacht na hanailíse arna déanamh ag an institiúid a fhíorú chun a léiriú nach modhnófaí an tréimhse struis leis na hathruithe ar phraghsanna nach ngabhtar leis na modhanna praghsála bunaithe ar íogaireacht;

(ii)

i gcás ina gcinneann an institiúid an tréimhse struis le haghaidh na bhfachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe i gcatagóir leathan d’fhachtóirí riosca tríd an tréimhse bhreathnaithe 12 mhí lena n-uasmhéadaítear an beart easnaimh ionchasaigh páirteach PES RS, i i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, stóinseacht na hanailíse arna déanamh ag an institiúid a fhíorú chun a léiriú gur tréimhse struis airgeadais le haghaidh a fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe atá i gceist leis an tréimhse struis arna sainaithint;

(iii)

a fhíorú cé acu a thosaíonn nó nach dtosaíonn na tréimhsí rollacha 12 mhí arna dtástáil chun an tréimhse struis a chinneadh ón 1 Eanáir 2007 ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 12(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, agus a fhíorú cé acu a lean nó nár lean nuashonruithe roimhe seo ar an tréimhse struis an mhinicíocht agus na critéir dá dtagraítear i mír 1, pointe (g);

(g)

i ndáil le caillteanais a ríomh le modhanna praghsála bunaithe ar íogaireacht faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397:

(i)

measúnú a dhéanamh ar stóinseacht na bpróiseas agus na modhanna chun teipeanna praghsála a bhrath, na hionstraimí airgeadais agus na tráchtearraí ar tharla teip phraghsála ina leith a shainaithint, cúiseanna na dteipeanna praghsála a shainaithint, agus a n-íogaireachtaí ábhartha a chinneadh;

(ii)

a fhíorú, tar éis an dianchás de shuaitheadh amach anseo a chur i bhfeidhm maidir le fachtóir riosca neamh-insamhaltaithe, cé acu is amhlaidh, nó nach amhlaidh, nach gcuirtear modhanna praghsála bunaithe ar íogaireacht i bhfeidhm ach amháin maidir le hionstraimí airgeadais agus tráchtearraí a iompraíonn an fachtóir riosca sin agus faoi réir na dteipeanna praghsála i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(h)

i ndáil leis an dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397:

(i)

oiriúnacht an mhodha a úsáideann an institiúid a fhíorú chun cinneadh a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an caillteanas uasta a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr athrú ar fhachtóir riosca neamh-insamhaltaithe nó de bharr athrú ar bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe críochta;

(ii)

i gcás inar críochta an caillteanas uasta a chomhfhreagraíonn d’fhachtóir riosca neamh-insamhaltaithe nó do bhuicéad neamh-insamhaltaithe, a fhíorú cé acu a shainaithníonn nó nach sainaithníonn an institiúid an caillteanas uasta sin go cruinn;

(iii)

i gcás nach críochta an caillteanas uasta a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr athrú ar fhachtóir riosca neamh-insamhaltaithe nó de bharr athrú ar bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe, maidir leis na toimhdí dáileacháin agus staidrimh a úsáidtear sa chur chuige bunaithe ar shaineolas dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (a), agus Airteagal 14(4), pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil siad bunaithe ar shonraí oibiachtúla agus tástálacha láidre, agus a fhíorú go bhfuil an dianchás de shuaitheadh amach anseo coimeádach a dhóthain;

(iv)

a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(1)

an fhaisnéis a áirítear san fhardal dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), tá sí i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (e) den mhír sin;

(2)

na critéir a shonraítear san fhardal dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) chun na fachtóirí riosca sin a shainaithint ar ina leith a fhaightear an beart riosca maidir le cás struis trí dhianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a chinneadh, tá siad fónta;

(v)

stóinseacht na modheolaíochta agus na dtástálacha staidrimh arna n-úsáid ag an institiúid a fhíorú chun fachtóirí riosca nach léiríonn ach riosca neamhghnách amháin a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 16(3) agus (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397.

Chun críocha phointe (a)(ii), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu atá nó nach bhfuil an réasúnú a sholáthraítear i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (a)(i) agus cé acu atá nó bhfuil na hathruithe gaolmhara á dtiomáint ag an bhfíoras go dtagann beart riosca maidir le cás struis níos ísle as modh amháin ná as an gceann eile.

Chun críocha phointe (b)(ii), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu atá nó nach bhfuil an réasúnú a sholáthraítear i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (b)(i) agus cé acu atá nó nach bhfuil sé á thiomáint ag an bhfíoras go dtagann beart riosca maidir le cás struis níos ísle as modh amháin ná as an gceann eile.

Chun críocha phointe (g)(ii), fíoróidh na húdaráis inniúla go ríomhann an institiúid na caillteanais a bhaineann le hionstraimí airgeadais agus tráchtearraí eile a iompraíonn an fachtóir riosca sin ach nach bhfuil faoi réir teip phraghsála leis na modhanna praghsála a úsáidtear sa tsamhail tomhais riosca i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397.

Airteagal 44 3

3.   Chun críocha mhír 2, pointí (a)(ii) agus (b)(ii), féadfaidh na húdaráis inniúla comparáid a dhéanamh idir beart riosca maidir le cás struis na bhfachtóirí riosca nó na mbuicéad caighdeánaithe ar tharla athrú ar an gcur chuige ina leith agus measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhfhreagraíonn nó nach gcomhfhreagraíonn na hathruithe do bheart riosca níos ísle maidir le cás struis agus é sin ar bhonn córasach.

Airteagal 44 4

4.   Chun críocha mhír 2, pointe (c)(i), féadfaidh na húdaráis inniúla, ar shampla amshraitheanna de bhreathnuithe dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, a fhíorú, i gcás inar tairisigh iad breathnuithe san amshraith i gcaitheamh na laethanta gnó ina dhiaidh sin, go bhfuil na sonraí margaidh iarbhír don fhachtóir riosca gan athrú. Le linn do na húdaráis inniúla an sampla a bhailiú, breithneoidh siad amshraitheanna arb iad is saintréithe dóibh líon mór sonraí gan athrú i gcaitheamh na laethanta gnó ina dhiaidh sin.

Airteagal 44 5

5.   Chun críocha mhír 2, pointe (c)(iii), féadfaidh na húdaráis inniúla, ar shampla d’fhachtóirí riosca, comparáid a dhéanamh idir breathnuithe na bhfachtóirí riosca arna n-úsáid ag an institiúid chun an t-easnamh ionchasach don fhachtóir riosca a ríomh nuair a bhí sé insamhaltaithe in aghaidh bhreathnuithe na bhfachtóirí riosca arna n-úsáid ag an institiúid chun an beart riosca maidir le cás struis a ríomh.

Airteagal 44 6

6.   Chun críocha mhír 2, pointe (d)(ii), féadfaidh na húdaráis inniúla, ar shampla d’fhachtóirí riosca a n-úsáideann an institiúid na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 10(2) nó (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ina leith, a fhíorú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na fachtóirí riosca sin na coinníollacha maidir le bheith faoi réir na modheolaíochta sin.

Airteagal 44 7

7.   Chun críocha mhír 2, pointe (d)(iii), féadfaidh na húdaráis inniúla, ar shampla d’fhachtóirí riosca a n-úsáidtear an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 10(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ina leith, a fhíorú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na fachtóirí riosca comhfhreagracha arna roghnú na coinníollacha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal sin.

Le linn do na húdaráis inniúla a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil an dá fhachtóir riosca den chineál céanna i gcomhréir le hAirteagal 10(5), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 agus cé acu atá nó nach bhfuil difríocht idir na fachtóirí riosca sin maidir le gnéithe as a n-eascraíonn gannmheastachán ar an luaineacht i gcomhréir le hAirteagal 10(5), pointe (c), den Rialachán Tarmligthe sin, fíoróidh siad cé acu atá nó nach bhfuil na príomh-shainthréithe céanna ag na fachtóirí riosca, agus cé acu a mheallann nó nach meallann an fachtóir riosca arna roghnú riosca sonrach a bhaineann le hainm más rud é go meallann an fachtóir riosca neamh-insamhaltaithe a leithéid.

Airteagal 44 8

8.   Chun críocha mhír 2, pointe (d)(iii), na húdaráis inniúla, ar shampla d’fhachtóirí riosca a n-úsáidtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ina leith, féadfaidh siad na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

é a cheangal ar an institiúid fachtóirí riosca oiriúnacha malartacha a thástáil, ar fachtóirí riosca iad a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, seachas na fachtóirí riosca arna roghnú ag an institiúid;

(b)

comparáid a dhéanamh idir an dianchás de shuaitheadh amach anseo a fhaightear trí úsáid a bhaint as na fachtóirí riosca arna roghnú ag an institiúid agus an dianchás de shuaitheadh amach anseo a fhaightear trí úsáid a bhaint as na fachtóirí riosca malartacha dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

measúnú a dhéanamh ar cé acu a eascraíonn nó nach n-eascraíonn gannmheastachán córasach ar an dianchás de shuaitheadh amach anseo as na fachtóirí riosca arna roghnú ag an institiúid;

Airteagal 44 9

9.   Chun críocha mhír 2, pointe (d)(iii), na húdaráis inniúla, ar shampla d’fhachtóirí riosca a n-úsáidtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ina leith agus ar mó ná 12 na breathnuithe i gcaitheamh tréimhse 1 bhliain amháin ina leith, féadfaidh siad na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

é a cheangal ar an institiúid meastachán a dhéanamh ar luaineacht na bhfachtóirí riosca sin i gcaitheamh na tréimhse 1 bhliain amháin sin;

(b)

é a cheangal ar an institiúid meastachán a dhéanamh ar luaineacht na bhfachtóirí riosca arna roghnú i gcaitheamh na tréimhse 1 bhliain amháin sin i gcomhréir le hAirteagal 10(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 i gcás na bhfachtóirí riosca dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil luaineacht na bhfachtóirí riosca arna roghnú ag an institiúid a eascraíonn as an meastachán dá dtagraítear i bpointe (b) níos ísle ná luaineacht na bhfachtóirí riosca i samhail tomhais riosca na hinstitiúide a eascraíonn as an meastachán dá dtagraítear i bpointe (a), agus é sin ar bhonn córasach.

Airteagal 44 10

10.   Chun críocha mhír 2, pointe (e), na húdaráis inniúla, ar shampla d’fhachtóirí riosca agus buicéid chaighdeánaithe, féadfaidh siad na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an chomhéifeacht neamhlíneachta cothrom le κ min nó κ max toisc go bhfuil luachanna fíorarda nó fíorísle ina saintréithe ag uimhreoir nó ainmneoir an téarma seo a leanas

Formula

mar a úsáidtear chun κ a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(b)

é a cheangal ar an institiúid an caillteanas a eascraíonn as athruithe ar fhachtóirí riosca thart ar an dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a bhreacadh agus measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil próifíl fheidhm an chaillteanais cuasach nó dronnach go háirithe sa cheantar sin.

Le linn do na húdaráis inniúla an measúnú sin a dhéanamh, roghnóidh siad an tacar fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe agus buicéad caighdeánaithe agus a n-ábharthacht á cur san áireamh acu.

Airteagal 44 11

11.   Chun críocha mhír 2, pointe (f)(i), na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí agus i gcás inar fíor-neamhlíneach na caillteanais a chomhfhreagraíonn d’athruithe ar fhachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe ábhartha nó ar bhuicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe, féadfaidh siad na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

é a cheangal ar an institiúid an tréimhse struis a chinneadh trí uasmhéadú a dhéanamh ar an luach dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ar thacar fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó aon bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe a bhaineann leis an gcatagóir leathan chéanna d’fhachtóirí riosca, trí úsáid a bhaint as na modhanna praghsála arna n-úsáid ag an institiúid sa tsamhail tomhais riosca i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Rialachán Tarmligthe sin;

(b)

é a cheangal ar an institiúid an tréimhse struis a chinneadh trí uasmhéadú a dhéanamh ar an luach dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ar an tacar dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, trí úsáid a bhaint as modhanna praghsála bunaithe ar íogaireacht i gcomhréir le hAirteagal 13(4) den Rialachán Tarmligthe sin;

(c)

measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil difríocht ábhartha idir na tréimhsí struis arna gcinneadh i gcomhréir le pointí (a) agus (b).

Roghnófar an tacar fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó na buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), agus a n-ábharthacht agus próifíl neamhlíneach an chaillteanais de bharr athruithe ar a luachanna á gcur san áireamh. Chun fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe ag a bhfuil próifíl chaillteanais neamhlíneach a shainaithint, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid a bhaint as luach na comhéifeachta neamhlíneachta κ arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 17 nó Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 mar bhonn.

Airteagal 44 12

12.   Chun críocha mhír 2, pointe (f)(ii), féadfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

é a cheangal ar an institiúid an tréimhse struis a chinneadh trí uasmhéadú a dhéanamh ar an luach dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ar thacar fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó aon bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe a bhaineann leis an gcatagóir leathan chéanna d’fhachtóirí riosca, trí úsáid a bhaint as na modhanna praghsála arna n-úsáid sa tsamhail tomhais riosca i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Rialachán Tarmligthe sin;

(b)

measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil difríocht mhór idir an tréimhse struis arna cinneadh i gcomhréir le pointe (a) agus an tréimhse struis arna sainaithint ag an institiúid le linn di an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 12(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 a chur i bhfeidhm.

Airteagal 44 13

13.   Chun críocha mhír 2, pointe (g), féadfaidh na húdaráis inniúla, ar shampla de theipeanna praghsála a d’fhéadfadh a bheith os comhair na hinstitiúide, a fhíorú cé acu a lean nó nár lean an institiúid na próisis agus na modhanna dá dtagraítear i mír 2, pointe (g)(i), agus measúnú a dhéanamh ar an mbonn sin ar stóinseacht na bpróiseas agus na modhanna sin.

Airteagal 44 14

14.   Chun críocha mhír 2, pointe (h)(iii), na húdaráis inniúla, ar shampla d’fhachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe, féadfaidh siad na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

é a cheangal ar an institiúid amshraith de thorthaí a ghiniúint ó dháileadh staidrimh teann-fhoirceann arna fhorordú ag an údarás inniúil agus an dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a ríomh leis an modh céim ar chéim dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 in éineacht leis an modh stairiúil dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán Tarmligthe sin;

(b)

coimeádachas chur chuige na hinstitiúide bunaithe ar shaineolas a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a eascraíonn as an gcur chuige sin agus an dianchás de shuaitheadh amach anseo arna ríomh i gcomhréir le pointe (a).

Airteagal 44 15

15.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh na húdaráis inniúla é a cheangal ar an institiúid amshraith a bhaineann le fachtóir riosca comhchosúil eile a úsáid in ionad an amshraith a ghiniúint ó dháileadh coimeádach. Chun críocha mhír 2, pointe (h)(iv), na húdaráis inniúla, ar shampla d’fhachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe agus ar dháta tagartha ar leith, féadfaidh siad a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

na fachtóirí riosca nó na buicéid chaighdeánaithe a gcinntear an beart riosca maidir le cás struis ina leith trí dhianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, comhlíonann siad na critéir arna sainaithint ag an institiúid chun an modh sin a úsáid;

(b)

na fachtóirí riosca nó na buicéid chaighdeánaithe nach gcinntear an beart riosca maidir le cás struis ina leith trí dhianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, ní chomhlíonann siad na critéir arna sainaithint ag an institiúid chun an modh sin a úsáid.

Airteagal 44 16

16.   Chun críocha mhír 2, pointe (i), na húdaráis inniúla, ar shampla d’fhachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe, féadfaidh siad na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil an fachtóir riosca de chineál nach léiríonn sé ach riosca neamhghnách amháin trí athbhreithniú a dhéanamh ar an tuairisc ar an bhfachtóir riosca a sholáthraítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 33(1) den Rialachán seo, agus ar na hionchuir sonraí a úsáidtear chun é a mharcáil, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 16(3), pointe (a), agus Airteagal 16(4), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;

(b)

tástáil hipitéise a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar shuntas na gcomhéifeachtaí comhghaoil idir fachtóirí riosca sa sampla agus torthaí na tástála hipitéise sin a chur i gcomparáid leis na torthaí a fuair an institiúid le linn di na tástálacha staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (d) agus Airteagal 16(4), pointe (d), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 a dhéanamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.