+Airteagal 4 Nós imeachta um shainaithint
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.

Airteagal 4 Nós imeachta um shainaithint

Nós imeachta um shainaithint

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Ríomhfaidh an t-údarás ábhartha scóir na n-eintiteas ábhartha a áirítear sa sampla ar thug ÚBE fógra ina leith agus a údaraítear ina dhlínse tráth nach déanaí ná an 1 Meán Fómhair gach bliain.
Airteagal 4 2.
I gcás ina n-ath-leithdháileann údarás ábhartha, i bhfeidhmiú breithiúnais mhaoirseachta fhónta, G-SII ó fhochatagóir níos ísle go fochatagóir níos airde nó i gcás ina n-ainmneoidh sé eintiteas ábhartha mar G-SII i gcomhréir le hAirteagal 131(10), pointe (a) nó (b), de Threoir 2013/36/AE faoi seach, soláthróidh an t-údarás ábhartha ráiteas mionsonraithe i bhfoirm scríofa do ÚBE maidir leis na cúiseanna lena mheasúnú tráth nach déanaí ná an 1 Samhain gach bliain.
Airteagal 4 3.
I gcás ina n-ath-leithdháileann údarás ábhartha, i bhfeidhmiú breithiúnais mhaoirseachta fhónta, G-SII ó fhochatagóir níos airde go fochatagóir níos ísle i gcomhréir le hAirteagal 131(10), pointe (c), de Threoir 2013/36/AE, soláthróidh an t-údarás ábhartha ráiteas mionsonraithe i bhfoirm scríofa do ÚBE maidir leis na cúiseanna lena mheasúnú tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain.
Airteagal 4 4.
Beidh feidhm ag an ath-leithdháileadh nó ag an ainmniú dá dtagraítear i mír 2 ón 1 Eanáir den dara bliain tar éis na bliana féilire inar tugadh fógra faoi na hainmníochtaí do na húdaráis ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 3(3). I gcás ina leithdháiltear G-SII ar fhochatagóir níos ísle ná i bpróiseas sainaitheantais na bliana roimhe sin, tiocfaidh ceanglas maoláin níos ísle an G-SII i bhfeidhm ón 1 Eanáir den bhliain tar éis an ath-leithdháilte, ach amháin má fheidhmíonn an t-údarás ábhartha a bhreithiúnas maoirseachta fónta chun moill a chur ar chur i bhfeidhm an cheanglais sin go dtí an dáta dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo.
Airteagal 4 5.
Áireofar ar shainaithint eintitis ábhartha mar G-SII ag an údarás ábhartha Aitheantóirí Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) na heintitis dhlíthiúla ar fad a áirítear i raon feidhme stuamachta chomhdhlúthú an G-SII. Déanfaidh an t-eintiteas ábhartha a shainaithin an t-údarás ábhartha a struchtúr grúpa a nochtadh don údarás ábhartha trí LEInna na n-eintiteas comhdhlúthaithe uile sa ghrúpa a sholáthar, má tá fáil orthu, faoin 1 Márta den bhliain tar éis bhliain an aitheantais. Déanfaidh an t-eintiteas ábhartha a áirithiú go ndéanfar a struchtúr grúpa mar a nochtar é trí bhunachar sonraí domhanda LEI a nuashonrú go buan.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1222
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.