4. Institiúidí a bhfuil cóimheas neamhchosaintí neamhthuillmheacha 2 % nó níos mó acu, áireoidh siad neamhchosaintí neamhthuillmheacha mar ionstraimí atá íogair ó thaobh ráta úis ginearálta de ar cheart dá samhaltú léiriú a dhéanamh ar na sreafaí airgid a bhfuil coinne leo agus a n-uainiú. Áireofar neamhchosaintí neamhthuillmheacha glan ó fhorálacha. Chun na gcríoch sin, déanfar neamhchosaintí neamhthuillmheacha a chinneadh le hurrúis fiachais, iasachtaí agus airleacain arna n-aicmiú mar neamhchosaintí neamhthuillmheacha i gcomhréir le hAirteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus déanfar cóimheas na neamhchosaintí neamhthuillmheacha a ríomh mar mhéid na neamhchosaintí neamhthuillmheacha arna roinnt ar mhéid iomlán na n-ollurrús fiachais, na n-iasachtaí agus na n-airleacan arna ríomh ar leibhéal na hinstitiúide.