+Airteagal 3 Athruithe ar luach eacnamaíoch cothromais na hinstitiúide
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
---+Airteagal 3 4
---+Airteagal 3 5
---+Airteagal 3 6
---+Airteagal 3 7
---+Airteagal 3 8
---+Airteagal 3 9
---+Airteagal 3 10
|
Airteagal 3 Athruithe ar luach eacnamaíoch cothromais na hinstitiúide
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1
|
1. Léireoidh institiúidí na toimhdí coiteanna samhaltaithe agus paraiméadracha a leagtar amach i míreanna 2 go 10 agus an luach eacnamaíoch cothromais á ríomh acu:
|
|
Airteagal 3 2
|
2. Áireoidh institiúidí an méid seo a leanas ina ríomh ar luach eacnamaíoch cothromais:
|
(a)
|
gach suíomh leabhair neamhthrádála ó ionstraimí atá íogair ó thaobh ráta úis de;
|
|
(b)
|
gnó beag leabhair trádála de réir bhrí Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) mura ngabhtar a riosca ráta úis i mbeart riosca eile;
|
|
(c)
|
roghanna uathoibríocha agus iompraíochta;
|
|
(d)
|
oibleagáidí pinsin agus sócmhainní plean pinsin mura ngabhtar a riosca ráta úis i mbeart riosca eile;
|
|
(e)
|
na sreafaí airgid ó ionstraimí atá íogair ó thaobh ráta úis de, lena n-áireofar aon aisíocaíocht príomhshuime, aon athphraghsáil príomhshuime agus aon íocaíocht úis ghaolmhar;
|
|
(f)
|
uasteorainneacha agus íosteorainneacha ráta úis a bhaineann go sonrach le hionstraim.
|
Chun críoch phointe (c), déanfaidh institiúidí príomhthoimhdí samhaltaithe iompraíochta na n-ionstraimí atá íogair ó thaobh ráta úis de a choigeartú do na gnéithe de chásanna rátaí úis éagsúla agus aird á tabhairt ar na tairseacha comhréireachta agus ábharthachta a leagtar amach in Airteagal 8(10), Airteagal 9(2), Airteagal 10(4), Airteagal 12(2) agus Airteagal 23(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857 (6).
|
|
Airteagal 3 3
|
3. Déanfar gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus cistí dílse suthaine eile gan aon ghlaodháta a eisiamh ó na ríomhanna.
|
|
Airteagal 3 4
|
4. Institiúidí a bhfuil cóimheas neamhchosaintí neamhthuillmheacha 2 % nó níos mó acu, áireoidh siad neamhchosaintí neamhthuillmheacha mar ionstraimí atá íogair ó thaobh ráta úis ginearálta de ar cheart dá samhaltú léiriú a dhéanamh ar na sreafaí airgid a bhfuil coinne leo agus a n-uainiú. Áireofar neamhchosaintí neamhthuillmheacha glan ó fhorálacha. Chun na gcríoch sin, déanfar neamhchosaintí neamhthuillmheacha a chinneadh le hurrúis fiachais, iasachtaí agus airleacain arna n-aicmiú mar neamhchosaintí neamhthuillmheacha i gcomhréir le hAirteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus déanfar cóimheas na neamhchosaintí neamhthuillmheacha a ríomh mar mhéid na neamhchosaintí neamhthuillmheacha arna roinnt ar mhéid iomlán na n-ollurrús fiachais, na n-iasachtaí agus na n-airleacan arna ríomh ar leibhéal na hinstitiúide.
|
|
Airteagal 3 5
|
5. Corrlaigh tráchtála agus comhpháirteanna eile raonta difríochta in íocaíochtaí úis i dtéarmaí a n-eisiaimh ó na sreafaí airgid nó i dtéarmaí a gcuimsithe sna sreafaí airgid, déileálfar leo i gcomhréir le cur chuige inmheánach bainistíochta agus tomhais na n-institiúidí le haghaidh riosca ráta úis sa leabhar neamhthrádála. Má dhéantar corrlaigh tráchtála agus comhpháirteanna eile raonta difríochta a eisiamh, déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas:
|
(a)
|
modheolaíocht thrédhearcach a úsáid chun an ráta saor ó riosca a shainaithint tráth thionscnaimh gach ionstraime;
|
|
(b)
|
úsáid a bhaint as modheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na n-aonad gnó;
|
|
(c)
|
a áirithiú go mbeidh eisiamh na gcorrlach tráchtála agus na gcomhpháirteanna eile raonta difríochta ó na sreafaí airgid comhsheasmhach leis an gcaoi a mbainistíonn agus a bhfálaíonn an institiúid riosca ráta úis a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála;
|
|
(d)
|
fógra a thabhairt don údarás inniúil maidir lena n-eisiamh.
|
|
|
Airteagal 3 6
|
6. Déanfar an t-athrú ar luach eacnamaíoch cothromais a ríomh trí ghlacadh leis go mbeidh clár comhardaithe faoi leachtú nádúrtha ann, i gcás ina n-aibeoidh suíomhanna atá ann cheana agus nach gcuirfear suíomhanna nua ina n-ionad.
|
|
Airteagal 3 7
|
7. Cuirfear íosteorainn ráta úis iar-shuaitheadh atá spleách ar aibíocht i bhfeidhm maidir le gach airgeadra, ag tosú le -150 bonnphointe d’aibíocht láithreach. Tiocfaidh méadú 3 bhonnphointe in aghaidh na bliana ar an íosteorainn sin, chomh fada le 0 % i gcás aibíochtaí 50 bliain nó níos mó ar deireadh. Má tá rátaí úis breathnaithe níos ísle ná an íosteorainn ráta úis iar-shuaitheadh, cuirfidh institiúidí an ráta úis breathnaithe níos ísle i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 3 8
|
8. Agus an t-athrú comhiomlán do gach cás suaite ráta úis á ríomh, suimeoidh institiúidí le chéile aon athrú diúltach agus deimhneach a tharlaíonn i ngach airgeadra. Déanfar airgeadraí seachas an t-airgeadra tuairiscithe a chomhshó san airgeadra tuairiscithe ag spotráta FX an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar an dáta tagartha. Déanfar athruithe deimhneacha a ualú faoi fhachtóir 50 % nó faoi fhachtóir 80 % i gcás Sásra Ráta Malairte - airgeadraí ERM II a bhfuil banda luaineachta acu atá comhaontaithe go foirmiúil agus atá níos cúinge ná an banda caighdeánach +/- 15 %. Aithneofar gnóthachain ualaithe suas le cibé acu is airde, (a) luach absalóideach na n-athruithe diúltacha in EUR nó airgeadraí ERM II nó (b) an toradh ar fhachtóir 50 % a chur i bhfeidhm ar athruithe deimhneacha airgeadraí ERM II nó EUR, faoi seach.
|
|
Airteagal 3 9
|
9. I gcás lascainithe, cuirfear cuar toraidh ginearálta ‘saor ó riosca’ iomchuí i bhfeidhm in aghaidh an airgeadra. Ní áireofar leis an gcuar toraidh sin raonta difríochta creidmheasa ná raonta difríochta leachtachta atá sonrach maidir le hionstraim, earnáil ná eintiteas.
|
|
Airteagal 3 10
|
10. Agus measúnú á dhéanamh ar an riosca a bhaineann le táirgí atá íogair ó thaobh ráta úis de agus atá nasctha le boilsciú nó le fachtóirí margaidh eile, cuirfear toimhdí stuamachta i bhfeidhm. Beidh na toimhdí sin bunaithe ar an luach breathnaithe reatha nó ar an luach breathnaithe deireanach, ar réamhaisnéisí ó institiúid taighde eacnamaíoch creidiúnach nó ar chleachtais mhargaidh eile a bhfuil glacadh coitianta leo agus beidh siad neamhspleách ar chásanna go ginearálta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0856
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|