|
+Airteagal 4 2. |
Airteagal 4 2.Gan dochar do theicnící maolaithe riosca faoi Airteagal 11, conarthaí díorthacha thar an gcuntar ar idirbhearta laistigh de ghrúpa iad mar a thuairiscítear in Airteagal 3, ní bheidh siad faoi réir oibleagáide imréitigh. Maidir leis an díolúine atá leagtha amach sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige ach amháin:
(a)
sa chás go ndéanann dhá chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas agus a bhaineann leis an ngrúpa céanna fógra i scríbhinn a thabhairt ar dtús dá gcuid údarás inniúil faoi seach go bhfuil sé ar intinn acu úsáid a bhaint as an díolúine do na conarthaí díorthacha thar an gcuntar atá tugtha i gcrích acu eatarthu féin. Déanfar an fógra tráth nach déanaí ná 30 lá féilire sula ndéanfar an díolúine a úsáid. Laistigh de 30 lá féilire tar éis do na húdaráis inniúla an fógra sin a fháil, féadfaidh siad agóid a dhéanamh in aghaidh úsáid na díolúine sin más rud é ngach ndéanann na hidirbhearta idir na contrapháirtithe na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 a chomhall, gan dochar do cheart na n-údarás inniúil agóid a dhéanamh tar éis don tréimhse 30 lá féilire seo a dhul in éag i gcás nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhall a thuilleadh. I gcás ina mbíonn easaontú idir na húdaráis inniúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(b)
maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar idir dhá chontrapháirtí a bhaineann leis an ngrúpa céanna atá bunaithe i mBallstát agus i dtríú tír más rud é, laistigh de 30 lá féilire tar éis don chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas fógra a thabhairt dó, go ndéanann údarás inniúil an chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas an contrapháirtí a údarú an díolúine sin a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 á gcomhall. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM faoin gcinneadh sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|