|
+Airteagal 4 3a. |
Airteagal 4 3a.Cé nach mbeidh oibleagáid orthu conradh a dhéanamh, déanfaidh comhaltaí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, na seirbhísí sin a chur ar fáil ar théarmaí tráchtála cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha. Déanfaidh na comhaltaí imréitigh sin agus na cliaint sin gach beart is gá chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a fhaire, go háirithe idir an t-aonad trádála agus an t-aonad imréitigh, ar coinbhleachtaí iad a dhéanfadh dochar do chur ar fáil seirbhísí imréitigh ar théarmaí cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha. Déanfar na bearta sin freisin i gcás ina gcuirfidh eintitis dhlítheanacha éagsúla ón ngrúpa céanna seirbhísí trádála agus imréitigh ar fáil. Ceadófar do chomhaltaí imréitigh agus cliaint rialú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun cur leis an Rialachán seo trí na coinníollacha a shonrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoina meastar go bhfuil na téarmaí tráchtála cothrom, réasúnta, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, bunaithe ar an méid seo a leanas:
(a)
ceanglais chothroime agus trédhearcachta i ndáil le táillí, praghsanna, beartais lascaine agus téarmaí agus coinníollacha conarthacha ginearálta eile maidir leis an bpraghasliosta, gan dochar do rúndacht na socruithe conarthacha a dhéantar leis na contrapháirtithe aonair;
(b)
fachtóirí a chuimsítear le téarmaí tráchtála réasúnta chun socruithe conarthacha atá neamhchlaonta réasúnta a áirithiú;
(c)
ceanglais chun seirbhísí imréitigh a éascú ar bhonn cothrom agus neamh-idirdhealaitheach, ag féachaint do na costais agus na rioscaí gaolmhara, ionas go mbeidh aon difríochtaí sna táillí a ghearrtar i gcomhréir le rioscaí, costais agus sochair, agus
(d)
na critéir le haghaidh rialaithe riosca don chomhalta imréitigh nó don chliant a bhaineann leis na seirbhísí imréitigh a chuirtear ar fáil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|