+Airteagal 4a Contrapháirtithe atá faoi réir na n-oibleagáidí imréitigh
---+Airteagal 4a 1.
---+Airteagal 4a 2.
---+Airteagal 4a 3.
---+Airteagal 4a 4.
---+Airteagal 4a 5.
|
Airteagal 4a Contrapháirtithe atá faoi réir na n-oibleagáidí imréitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4a 1.
|
Gach 12 mhí, féadfaidh contrapháirtí airgeadais a ghlacann suíomhanna i gconarthaí díorthach thar an gcuntar a mheánsuíomh cinn míosa rollach do na 12 mhí roimhe sin a ríomh i gcomhréir le mír 3. Nuair nach ndéanfaidh contrapháirtí airgeadais a shuíomhanna a ríomh nó nuair a sháróidh toradh an ríomha sin ceann ar bith de na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear i bpointe (b) d'Airteagal 10(4), déanfaidh an contrapháirtí airgeadais an méid seo a leanas:
(a)
cuirfidh sé fógra láithreach maidir leis sin chuig ÚEUM agus chuig an údarás inniúil, agus, i gcás inarb ábhartha, sonróidh sé an tréimhse arna húsáid don ríomh;
(b)
bunóidh sé socruithe imréitigh laistigh de cheithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo a thabhairt; agus
(c)
beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 do na conarthaí díorthach thar an gcuntar ar fad a bhaineann le haon aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a dhéantar nó a nuaitear tráth is déanaí ná ceithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo a thabhairt.
|
|
Airteagal 4a 2.
|
Contrapháirtí neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 an 17 Meitheamh 2019 nó a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh sin i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1, leanfaidh sé de bheith faoi réir na hoibleagáide sin agus lena himréiteach go dtí go léireoidh an contrapháirtí airgeadais sin don údarás inniúil ábhartha nach sáraíonn a mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin an tairseach imréitigh a shonraítear de bhun phointe (b) d'Airteagal 10(4). Beidh sé ar chumas an chontrapháirtí airgeadais a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach ndéanfar fomheastachán córasach ar an suíomh sin mar gheall ar an ríomh ar mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin.
|
|
Airteagal 4a 3.
|
Nuair a bheidh na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 á ríomh aige, cuirfidh an contrapháirtí airgeadais san áireamh na conarthaí díorthach thar an gcuntar uile a rinne an contrapháirtí airgeadais nó aon eintiteas eile laistigh den ghrúpa a mbaineann an contrapháirtí airgeadais leis. D'ainneoin na chéad fhomhíre, i gcás GCUI agus CIManna, déanfar na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ar leibhéal an chiste. Cuideachta bainistíochta GCUI a bhfuil níos mó ná GCUI amháin á bhainistiú aici, agus na AIFManna a bhfuil níos mó ná CIM amháin á bhainistiú acu, beidh sé ar a gcumas a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach dtarlóidh an méid seo a leanas mar thoradh ar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an chiste:
(a)
ní dhéanfar fomheastachán córasach ar shuíomhanna chistí ar bith atá á mbainistiú acu nó ná ndéanfar amhlaidh i gcás suíomhanna an bhainisteora; agus
(b)
ní thiocfar timpeall ar an oibleagáid imréitigh.
Bunóidh údaráis inniúla ábhartha an chontrapháirtí airgeadais agus na n-eintiteas eile laistigh den ghrúpa nósanna imeachta comhair d'fhonn a áirithiú go ndéanfar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an ghrúpa go héifeachtach.
|
|
Airteagal 4a 4.
|
Déanfaidh ESMA, tar éis dul i gcomhairle le BERS agus le húdaráis ábhartha eile, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun luach na dtairseach imréitigh is infheidhme maidir le suíomhanna comhiomlána a shonrú i gcás inar gá sin chun cumhdach stuama na gcontrapháirtithe airgeadais faoin oibleagáid imréitigh a áirithiú. I gcás ina ndéanann ESMA, i gcomhréir le hAirteagal 10(4a), athbhreithniú ar na tairseacha imréitigh a shonraítear de bhun Airteagal 10(4), an chéad fhomhír, pointe (b), déanfaidh ESMA athbhreithniú freisin ar an tairseach imréitigh a shonraítear de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin an 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 4a 5.
|
Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 10, ciallaíonn “suíomh neamh-imréitithe” an meánsuíomh cinn míosa comhiomlán don 12 mhí roimhe sin i gconarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL a údaraítear faoi Airteagal 14 nó a dtugtar aitheantas dó faoi Airteagal 25.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|