|
+Airteagal 4a 1. |
Airteagal 4a 1.Gach 12 mhí, féadfaidh contrapháirtí airgeadais a ghlacann suíomhanna i gconarthaí díorthach thar an gcuntar a mheánsuíomh cinn míosa rollach do na 12 mhí roimhe sin a ríomh i gcomhréir le mír 3. Nuair nach ndéanfaidh contrapháirtí airgeadais a shuíomhanna a ríomh nó nuair a sháróidh toradh an ríomha sin ceann ar bith de na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear i bpointe (b) d'Airteagal 10(4), déanfaidh an contrapháirtí airgeadais an méid seo a leanas:
(a)
cuirfidh sé fógra láithreach maidir leis sin chuig ÚEUM agus chuig an údarás inniúil, agus, i gcás inarb ábhartha, sonróidh sé an tréimhse arna húsáid don ríomh;
(b)
bunóidh sé socruithe imréitigh laistigh de cheithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo a thabhairt; agus
(c)
beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 do na conarthaí díorthach thar an gcuntar ar fad a bhaineann le haon aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a dhéantar nó a nuaitear tráth is déanaí ná ceithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo a thabhairt. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|