+Airteagal 5 An nós imeachta maidir le hoibleagáid imréitigh
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.

Airteagal 5 An nós imeachta maidir le hoibleagáid imréitigh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
I gcás ina n-údaróidh údarás inniúil do chontrapháirtí lárnach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach faoi Airteagal 14 nó faoi Airteagal 15, nó i gcás ina gcumhdófar aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar, a bhfuil sé beartaithe ag an gcontrapháirtí lárnach a imréiteach, faoi údarú a deonaíodh cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 14 nó faoi Airteagal 15, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM láithreach faoin údarú sin nó faoin aicme dhíorthaigh thar an gcuntar a bhfuil sé beartaithe ag an gcontrapháirtí lárnach a imréiteach.
Airteagal 5 2.

Laistigh de shé mhí ón ÚEUM fógra a fháil i gcomhréir le mír 1 nó tar éis dó nós imeachta aitheantais a leagtar amach in Airteagal 25 a chur i gcrích, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó comhairliúchán poiblí a sheoladh agus tar éis dul dó i gcomhairle leis an BERS agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis inniúla tríú tíortha, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun tacaíocht an Choimisiúin a fháil ina leith, ar dréachtchaighdeáin iad lena sonraítear an méid seo a leanas:

(a) 

an aicme díorthach thar an gcuntar ar cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b) 

an dáta nó na dátaí óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, lena n-áirítear aon chéimniú isteach agus catagóirí na gcontrapháirtithe a mbeidh feidhm ag an oibleagáid maidir leo.

▼M12 —————

▼B

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Le linn dó na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt faoin mír seo, ní dhéanfaidh ÚEUM dochar don fhoráil idirthréimhseach a bhaineann le conarthaí díorthacha C6 mar a leagtar síos in Airteagal 95 de Threoir 2014/65/AE ( 14 ).

Airteagal 5 3.
Sainaithneoidh ÚEUM, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 4, ar a thionscnamh féin, agus tar éis dó comhairliúchán poiblí a sheoladh agus dul i gcomhairle leis an BERS, agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis inniúla tríú tíortha, aicmí na ndíorthach ar cheart iad a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá bhforáiltear in Airteagal 4, ach nach bhfuil údarú faighte go fóill ag contrapháirtí lárnach ar bith ina leith.

Tar éis an fógra a thabhairt, foilseoidh ÚEUM glao ar fhorbairt tograí le haghaidh imréiteach na n-aicmí díorthach sin.

Airteagal 5 4.

Agus é d'aidhm uileghabhálach leo an riosca sistéamach a laghdú, déanfar leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó an chuid dá dtagraítear i mír 2(a) na critéir seo a leanas a bhreithniú:

(a) 

méid an chaighdeánaithe ar théarmaí conarthacha agus ar phróisis oibríochtúla na haicme ábhartha conarthaí díorthacha thar an gcuntar;

(b) 

toirt agus leachtacht na haicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;

(c) 

an fháil atá ar fhaisnéis chothrom, iontaofa agus a bhfuil glacadh go forleathan léi maidir le praghsáil san aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á n-ullmhú, féadfaidh ÚEUM an idirnascthacht idir contrapháirtithe a úsáideann na haicmí ábhartha díorthach thar an gcuntar, an tionchar ionchasach ar leibhéil an riosca creidmheasa contrapháirtí idir na contrapháirtithe agus an tionchar ar iomaíocht ar fud an Aontais a bhreithniú.

D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar a thuilleadh na critéir dá dtagraítear i bpointe (8a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ina sonraítear tuilleadh na critéir dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4.

Airteagal 5 5.

Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó an chuid dá dtagraítear i mír 2(b), déanfar na critéir seo a leanas a bhreithniú:

(a) 

an toirt a mbeidh coinne léi den aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;

(b) 

an imréitíonn níos mó ná ceann amháin de na contrapháirtithe lárnacha an aicme chéanna díorthach thar an gcuntar cheana féin;

(c) 

cumas na gcontrapháirtithe lárnacha ábharthacha an toirt a mbeidh coinne léi a láimhseáil agus bainistiú a dhéanamh ar an riosca a eascróidh as aicme ábhartha díorthacha thar an gcuntar imréiteach;

(d) 

cineál agus líon na gcontrapháirtithe atá gníomhach agus a mbeidh coinne leis go mbeidh siad gníomhach laistigh den mhargadh don aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;

(e) 

an tréimhse ama a theastóidh ó chontrapháirtí a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh chun socruithe a dhéanamh lena chonarthaí díorthach thar an gcuntar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach;

(f) 

acmhainn bainistithe riosca agus dhlíthiúil agus oibríochtúil an réimse de chontrapháirtithe a bheidh gníomhach sa mhargadh don aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar agus ar acmhainn í a bhféadfaí teacht i dtír uirthi leis an oibleagáid imréitigh de bhun Airteagal 4(1).

Airteagal 5 6.
Más ann d'aicme díorthach thar an gcuntar nach ann a thuilleadh, i leith na haicme sin, do chontrapháirtí lárnach atá údaraithe nó aitheanta chun na conarthaí seo a imréiteach faoin Rialachán seo, stadfaidh sí de bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4, agus beidh feidhm ag mír 3 den Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.