|
+Airteagal 5 5. |
Airteagal 5 5.Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó an chuid dá dtagraítear i mír 2(b), déanfar na critéir seo a leanas a bhreithniú:
(a)
an toirt a mbeidh coinne léi den aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;
(b)
an imréitíonn níos mó ná ceann amháin de na contrapháirtithe lárnacha an aicme chéanna díorthach thar an gcuntar cheana féin;
(c)
cumas na gcontrapháirtithe lárnacha ábharthacha an toirt a mbeidh coinne léi a láimhseáil agus bainistiú a dhéanamh ar an riosca a eascróidh as aicme ábhartha díorthacha thar an gcuntar imréiteach;
(d)
cineál agus líon na gcontrapháirtithe atá gníomhach agus a mbeidh coinne leis go mbeidh siad gníomhach laistigh den mhargadh don aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;
(e)
an tréimhse ama a theastóidh ó chontrapháirtí a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh chun socruithe a dhéanamh lena chonarthaí díorthach thar an gcuntar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach;
(f)
acmhainn bainistithe riosca agus dhlíthiúil agus oibríochtúil an réimse de chontrapháirtithe a bheidh gníomhach sa mhargadh don aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar agus ar acmhainn í a bhféadfaí teacht i dtír uirthi leis an oibleagáid imréitigh de bhun Airteagal 4(1). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|