+Airteagal 6 Clár poiblí
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
|
Airteagal 6 Clár poiblí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Déanfaidh ÚEUM clár poiblí a bhunú, a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta chun na haicmí díorthach thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh a shainaithint. Cuirfear an clár poiblí ar fáil ar láithreán gréasáin ÚEUM.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Áireofar an méid seo a leanas ar an gclár:
(a)
na haicmí díorthach thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh de bhun Airteagal 4;
▼M14
(b)
na CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 17 nó a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 agus dáta an údaraithe nó an aitheantais faoi seach, lenar léirítear cé na CPLanna atá údaraithe nó aitheanta chun críche na hoibleagáide imréitigh;
▼B
(c)
na dátaí óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, lena n-áirítear aon chur chun feidhme céimnithe isteach;
(d)
na haicmí díorthach thar an gcuntar arna sainaithint ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 5(3);
▼M12 —————
▼B
(f)
na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil fógra tugtha ag an údarás lárnach do ÚEUM ina leith chun críche na hoibleagáide imréitigh, agus dáta an fógra do gach ceann a thabhairt;
▼M18
(g)
cion na gconarthaí díorthach a imréitítear i CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 amhail deireadh na bliana féilire i gcomparáid le conarthaí díorthach a imréitítear i CPLanna tríú tír a dtugtar aitheantas dóibh i gcomhréir le hAirteagal 25, arna dtíolacadh ar bhonn comhiomlán agus in aghaidh na haicme sócmhainní.
|
|
Airteagal 6 3.
|
I gcás nach mbeidh contrapháirtí lárnach údaraithe nó aitheanta a thuilleadh i gcomhréir leis an Rialachán seo chun aicme sonrach de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach, déanfaidh ÚEUM an contrapháirtí lárnach sin a bhaint den chlár poiblí láithreach i ndáil leis an aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar.
|
|
Airteagal 6 4.
|
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na sonraí a áireofar sa chlár poiblí dá dtagraítear i mír 1 a shonrú. Cuirfidh ÚEUM aon dréachtchaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|