+Airteagal 7b Faireachán ar an oibleagáid cuntais ghníomhaigh
---+Airteagal 7b 1.
---+Airteagal 7b 2.
---+Airteagal 7b 3.
|
Airteagal 7b Faireachán ar an oibleagáid cuntais ghníomhaigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7b 1.
|
Déanfaidh contrapháirtí airgeadais nó contrapháirtí neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide dá dtagraítear in Airteagal 7a a ghníomhaíochtaí agus a neamhchosaintí ar riosca a ríomh i gcatagóirí na gconarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal sin, agus tuairisceoidh sé gach 6 mhí dá údarás inniúil an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide sin. Tarchuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis sin chuig ESMA gan moill mhíchuí. Úsáidfidh na contrapháirtithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo an fhaisnéis arna tuairisciú faoi Airteagal 9 i gcás inarb ábhartha. Áireofar sa tuairisciú freisin léiriú don údarás inniúil go bhfuil an doiciméadacht dhlíthiúil, an nascacht TF agus na próisis inmheánacha a bhaineann leis na cuntais ghníomhacha i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 7b 2.
|
Na contrapháirtithe airgeadais agus na contrapháirtithe neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shealbhaíonn, le haghaidh na gconarthaí díorthach dá dtagraítear in Airteagal 7a(6), cuntais ag CPL Leibhéal 2 sa bhreis ar chuntais ghníomhacha, tuairisceoidh siad freisin gach 6 mhí dá n-údarás inniúil faisnéis faoi na hacmhainní agus na córais atá i bhfeidhm acu chun a áirithiú go gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 7a(3), pointe (b). Tarchuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis sin chuig ESMA gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 7b 3.
|
Áiritheoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo go ndéanfaidh na contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide dá dtagraítear in Airteagal 7a na bearta iomchuí chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear a gcumhachtaí maoirseachta a úsáid faoina reachtaíocht earnálach, i gcás inarb iomchuí, nó pionóis dá dtagraítear in Airteagal 12 a fhorchur i gcás inar gá. Féadfaidh údaráis inniúla tuairisciú níos minice a éileamh go háirithe i gcás, bunaithe ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh, nach ndearnadh dóthain beart chun na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh maidir le cuntais ghníomhacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|