|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.Contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais a dhéanann conradh díorthach thar an gcuntar nach ndéantar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach, áiritheoidh siad, agus dícheall cuí á fheidhmiú acu, go bhfuil nósanna imeachta agus socruithe iomchuí i bhfeidhm chun riosca oibríochtúil agus riosca creidmheasa contrapháirtí a thomhas, faireachán a dhéanamh air agus a mhaolú, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ar a laghad:
(a)
deimhniú tráthúil ar théarmaí an chonartha díorthach thar an gcuntar iomchuí, agus é sin a dhéanamh trí mheán leictreonach nuair atá an meán sin ar fáil;
(b)
próisis fhoirmiúlaithe atá daingean, láidir agus in-iniúchta chun punanna a réiteach, chun an riosca atá bainteach a bhainistiú; agus chun díospóidí idir páirtithe a shainaithint go luath agus a réiteach, agus chun faireachán a dhéanamh ar luach na gconarthaí atá amuigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|