+Airteagal 11 Teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach ndéantar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 3a.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.
---+Airteagal 11 9.
---+Airteagal 11 10.
---+Airteagal 11 11.
---+Airteagal 11 12.
---+Airteagal 11 12a.
---+Airteagal 11 13.
---+Airteagal 11 14.
---+Airteagal 11 15.

Airteagal 11 Teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach ndéantar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.

Contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais a dhéanann conradh díorthach thar an gcuntar nach ndéantar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach, áiritheoidh siad, agus dícheall cuí á fheidhmiú acu, go bhfuil nósanna imeachta agus socruithe iomchuí i bhfeidhm chun riosca oibríochtúil agus riosca creidmheasa contrapháirtí a thomhas, faireachán a dhéanamh air agus a mhaolú, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a) 

deimhniú tráthúil ar théarmaí an chonartha díorthach thar an gcuntar iomchuí, agus é sin a dhéanamh trí mheán leictreonach nuair atá an meán sin ar fáil;

▼C3

(b) 

próisis fhoirmiúlaithe atá daingean, láidir agus in-iniúchta chun punanna a réiteach, chun an riosca atá bainteach a bhainistiú; agus chun díospóidí idir páirtithe a shainaithint go luath agus a réiteach, agus chun faireachán a dhéanamh ar luach na gconarthaí atá amuigh.

▼B

Airteagal 11 2.
Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10 marcáil don mhargadh ar bhonn laethúil ar luach na gconarthaí amuigh. Más rud é go gcuirtear cosc ar mharcáil don mhargadh mar gheall ar choinníollacha an mhargaidh, bainfear úsáid as marcáil do shamhail atá iontaofa agus stuama.

Contrapháirtí neamhairgeadais a thagann faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo, bunóidh sé na socruithe is gá chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh laistigh de 4 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an dara fomhír, pointe (a). Beidh contrapháirtí neamhairgeadais díolmhaithe ó na hoibleagáidí sin i gcás conarthaí a dhéantar le linn na 4 mhí tar éis an fhógra sin

Airteagal 11 3.
Beidh nósanna imeachta bainistithe riosca ag contrapháirtithe airgeadais lena gceanglófar malartú tráthúil comhthaobhachta a bheidh beacht agus iomchuí i ndáil le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfar ar nó ina dhiaidh an 16 Lúnasa 2012. Beidh nósanna imeachta bainistithe riosca ag na contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10 lena gceanglófar malartú tráthúil comhthaobhachta a bheidh beacht agus iomchuí i ndáil le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfar tráth a sárófar an táirseach imréitigh nó ina dhiaidh sin.

Contrapháirtí neamhairgeadais a thagann faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, bunóidh sé na socruithe is gá chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh laistigh de 4 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an dara fomhír, pointe (a). Beidh contrapháirtí neamhairgeadais díolmhaithe ó na hoibleagáidí sin i gcás conarthaí a dhéantar le linn na 4 mhí tar éis an fhógra sin.

Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10(1) iarratas ar údarú óna n-údaráis inniúla sula n-úsáidfidh siad samhail le haghaidh ríomh éarlaise tosaigh, nó sula nglacfaidh siad athrú uirthi, maidir leis na nósanna imeachta bainistithe riosca a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo. Agus iarratas ar údarú á dhéanamh acu, déanfaidh na contrapháirtithe sin, tríd an mbunachar sonraí lárnach, an fhaisnéis ábhartha uile faoi na nósanna imeachta bainistithe riosca sin a sholáthar dá n-údaráis inniúla. Déanfaidh na húdaráis inniúla sin údarú den sórt sin a dheonú nó diúltóidh siad é a dheonú laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an t-iarratas ar shamhail nua a fháil nó laistigh de 3 mhí ón iarratas ar athrú ar shamhail atá údaraithe cheana a fháil.

I gcás ina bhfuil an tsamhail dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo bunaithe ar shamhail pro forma, déanfaidh an contrapháirtí iarratas ar bhailíochtú na samhla sin a chur chuig ÚBE agus déanfaidh sé an fhaisnéis ábhartha uile dá dtagraítear san fhomhír sin a sholáthar do ÚBE tríd an mbunachar sonraí lárnach. Ina theannta sin, déanfaidh an contrapháirtí an fhaisnéis faoin méid barúlach gan íoc dá dtagraítear i mír 12a den Airteagal seo a sholáthar do ÚBE tríd an mbunachar sonraí lárnach.

I gcás ina bhfuil an tsamhail dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo bunaithe ar shamhail pro forma, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla an t-údarú a dheonú ach amháin i gcás ina bhfuil an tsamhail pro forma bailíochtaithe ag ÚBE.

Féadfaidh ÚBE, i gcomhar le ESMA agus ÚEÁPC, treoirlínte nó moltaí a eisiúint d’fhonn próiseas aonfhoirmeach cur i bhfeidhm agus údarúcháin na nósanna imeachta bainistithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a áirithiú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

Airteagal 11 3a.
De mhaolú ar mhír 3, ní bheidh roghanna aonstoic ná roghanna innéacs cothromais nach bhfuil imréitithe ag CPL faoi réir nósanna imeachta bainistithe riosca lena n-éilítear malartú comhthaobhachta atá tráthúil, beacht agus leithscartha go hiomchuí.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, faireachán ar an méid seo a leanas:

(a) 

forbairtí rialála i ndlínsí tríú tír maidir le láimhseáil roghanna aonstoic agus roghanna innéacs cothromais;

(b) 

tionchar an mhaolaithe a leagtar síos sa chéad fhomhír ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar chobhsaíocht airgeadais ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit; agus

(c) 

forbairt neamhchosaintí i roghanna aonstoic agus roghanna innéacs cothromais nach bhfuil imréitithe ag CPL.

Gach 3 bliana ar a laghad ón 24 Nollaig 2024, déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, na fionnachtana a eascraíonn as a fhaireachán dá dtagraítear sa dara fomhír a thuairisciú don Choimisiún.

Laistigh de bhliain amháin tar éis dó an tuarascáil dá dtagraítear sa tríú fomhír a fháil, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na nithe seo a leanas:

(a) 

an amhlaidh atá níos mó cóineasaithe ann maidir le láimhseáil roghanna aonstoic agus roghanna innéacs cothromais mar thoradh ar fhorbairtí idirnáisiúnta; agus

(b) 

an amhlaidh a chuireann an maolú a leagtar síos sa chéad fhomhír cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó cobhsaíocht airgeadais ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit i mbaol;

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun an Rialachán seo a leasú tríd an maolú a leagtar síos sa chéad fhomhír a chúlghairm tar éis tréimhse oiriúnaithe. Ní rachaidh an tréimhse oiriúnaithe thar 2 bhliain.

Airteagal 11 4.
Sealbhóidh na contrapháirtithe airgeadais méid iomchuí agus comhréireach caipitil chun bainistiú a dhéanamh ar an riosca nach mbeidh cumhdaithe leis an malartú comhthaobhachta iomchuí.
Airteagal 11 5.
Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar síos i mír 3 maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3 a bheidh déanta ag contrapháirtithe atá bunaithe sa Bhallstát céanna ar choinníoll nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.
Airteagal 11 6.

Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a), (b) nó (c) a a bheidh déanta ag contrapháirtithe atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón dá údarás inniúla ábhartha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b) 

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

Mura n-éiríonn leis na húdaráis inniúla teacht ar chinneadh dearfach laistigh de 30 lá féilire tar éis dóibh an t-iarratas ar dhíolúine a fháil, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar comhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11 7.

Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag comhpháirtithe neamhairgeadais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b) 

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

Tabharfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 10(5) go bhfuil sé ar intinn aige an díolúine a chur i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí go dtí an tráth, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ach amháin nach gcomhaontóidh ceann amháin nó ceann eile de na húdaráis inniúla ar cuireadh fógra chucu go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh.

Airteagal 11 8.

Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) go (d) a bheidh déanta ag contrapháirtí atá bunaithe san Aontas agus contrapháirtí atá bunaithe i ndlínse tríú tír, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí atá bunaithe san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b) 

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

Airteagal 11 9.

Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag contrapháirtí neamhairgeadais atá bunaithe san Aontas agus contrapháirtí atá bunaithe i ndlínse tríú tír, beidh sé díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b) 

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

Tabharfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 10(5) go bhfuil sé ar intinn aige an díolúine a chur i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí go dtí an tráth, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ach amháin nach gcomhaontóidh an t-údarás inniúil a gcuirtear fógra chuige go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh.

Airteagal 11 10.

Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag contrapháirtí neamhairgeadais agus contrapháirtí airgeadais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an gcontrapháirtí airgeadais, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b) 

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí airgeadais fógra faoi aon chinneadh den sórt sin don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 10(5). Tá an díolúine bailí mura rud é nach gcomhaontóidh an t-údarás inniúil ar gcuirtear fógra chuige go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh. I gcás ina mbíonn easaontú idir na húdaráis inniúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11 11.
Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa a bheidh díolmhaithe ón gceanglas a leagtar síos i mír 3, nochtfaidh contrapháirtí an idirbhirt sin an fhaisnéis maidir leis an díolúine go poiblí.

Cuirfidh údarás inniúil fógra chuig ÚEUM i ndáil le haon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 6, mhír 8 nó mhír 10 nó le haon fhógra a gheofar de bhun mhír 7, mhír 9 nó mhír 10 agus déanfaidh siad sonraí an idirbhirt laistigh de ghrúpa lena mbainfidh a sholáthar do ÚEUM.

Airteagal 11 12.
Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1 go mír 11 maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéantar idir eintitis ó thríú tír a bheadh faoi réir na n-oibleagáidí sin dá mbeidís bunaithe san Aontas, ar choinníoll go mbeidh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha ag na conarthaí sin san Aontas, nó i gcás inar riachtanach nó iomchuí an oibleagáid sin chun cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo a bheith á seachaint.
Airteagal 11 12a.
Cuirfidh ÚBE feidhm bailíochtaithe lárnaigh ar bun le haghaidh eilimintí agus gnéithe ginearálta na samhlacha pro forma, agus na n-athruithe orthu, atá á-úsáid nó atá le bheith á n-úsáid ag contrapháirtithe airgeadais agus ag contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10 chun na ceanglais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh. Baileoidh ÚBE aiseolas ó ESMA, ó ÚEÁPC agus ó na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chontrapháirtithe a úsáideann na samhlacha pro forma atá faoi réir a mbailíochtaithe, lena n-áirítear maidir le feidhmíocht na samhlacha pro forma sin, agus comhordóidh sé a dtuairimí agus é mar aidhm aige comhthoil a fhorbairt maidir le heilimintí agus gnéithe ginearálta na samhlacha pro forma. Feidhmeoidh ÚBE mar phríomhphointe teagmhála maidir le pléití le rannpháirtithe sa mhargadh agus forbróirí na samhlacha pro forma sin.

Ina ról mar bhailíochtóir lárnach, déanfaidh ÚBE eilimintí agus gnéithe ginearálta na samhlacha pro forma sin a bhailíochtú, lena n-áirítear a gcalabrú, a ndearadh agus a mhéid a chumhdaítear ionstraimí, aicmí sócmhainní agus fachtóirí riosca leo. Deonóidh ÚBE an bailíochtú sin nó diúltóidh sé é a dheonú laistigh de 6 mhí ón iarratas ar bhailíochtú dá dtagraítear i mír 3, an ceathrú fomhír, a fháil, le haghaidh samhail nua pro forma agus laistigh de 3 mhí ón iarratas ar athrú ar shamhail atá bailíochtaithe cheana a fháil. Chun obair bhailíochtaithe ÚBE a éascú, déanfaidh forbróirí samhlacha pro forma, arna iarraidh sin do ÚBE, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a chur faoi bhráid ÚBE.

Tabharfaidh ÚBE cúnamh do na húdaráis inniúla ina bpróisis údarúcháin maidir leis na gnéithe ginearálta de chur chun feidhme na samhlacha faoi mhír 3. Chuige sin, ullmhóidh ÚBE tuarascáil bhliantúil ar ghnéithe ábhartha a chuid oibre bailíochtaithe, lena n-áirítear fíorú ar chalabrú na samhlacha faoin dara fomhír den mhír seo agus anailís ar na saincheisteanna arna dtuairisciú. I gcás ina measann sé gur gá sin, eiseoidh ÚBE, i gcomhar le ESMA agus ÚEÁPC, moltaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus iad dírithe chuig na húdaráis inniúla sin. Chun cuidiú le ÚBE na tuarascálacha agus na moltaí a dhréachtú, cuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil do ÚBE, arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis a bailíodh le linn a bpróisis údarúcháin tosaigh agus leanúnaigh ar leibhéal an eintitis i leith na samhlacha faoi mhír 3, nó le linn na n-athruithe a rinneadh orthu.

Is iad na húdaráis inniúla amháin a bheidh freagrach as úsáid na samhlacha faoi mhír 3, nó athruithe orthu, a údarú ar leibhéal an eintitis faoi mhaoirseacht.

Gearrfaidh ÚBE táille bhliantúil, in aghaidh na samhla pro forma, ar chontrapháirtithe airgeadais agus ar chontrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a úsáideann na samhlacha pro forma arna mbailíochtú ag ÚBE faoin dara fomhír den mhír seo. Tuairisceoidh na húdaráis inniúla do ÚBE maidir leis na contrapháirtithe airgeadais agus na contrapháirtithe neamhairgeadais a chuireann samhlacha chun feidhme faoi réir an phróisis bailíochtaithe faoin gcéad fhomhír. Beidh an táille comhréireach le meánmhéid barúlach míosúil gan íoc na ndíorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach le 12 mhí anuas de chuid na gcontrapháirtithe lena mbaineann a úsáideann na samhlacha pro forma arna mbailíochtú ag ÚBE agus sannfar í chun na costais go léir arna dtabhú ag ÚBE as a chúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a chumhdach.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “samhail pro forma” samhail éarlaise tosaigh arna bunú, arna foilsiú, agus arna hathbhreithniú trí thionscnaimh faoi stiúir an mhargaidh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a leagan amach:

(a) 

an modh chun méid na dtáillí a chinneadh; agus

(b) 

na módúlachtaí a bhaineann le híocaíocht na dtáillí.

Airteagal 11 13.
Déanfaidh ÚEUM faireachán go tréimhsiúil ar an ngníomhaíocht i ndíorthaigh nach bhfuil incháilithe lena n-imréiteach chun cásanna a shainaithint ina bhféadfadh aicme díorthach ar leith a bheith ina riosca sistéimeach agus chun arbatráiste rialála idir idirbhearta díorthach imréitithe agus neamh-imréitithe a chosc. Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS, go háirithe, gníomh i gcomhréir le hAirteagal 5(3) nó déanfaidh sé athbhreithniú ar na caighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais éarlaisithe a leagtar síos i mír 14 den Airteagal seo agus in Airteagal 41.
Airteagal 11 14.

Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a) 

na nósanna imeachta agus na socruithe dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

coinníollacha an mhargaidh lena gcuirtear cosc ar an marcáil don mhargadh dá dtagraítear i mír 2 agus na critéir le haghaidh úsáid na marcála do shamhail dá dtagraítear i mír 2;

(c) 

mionsonraí na n-idirbheart laistigh de ghrúpa a bheidh díolmhaithe agus a bheidh le háireamh san fhógra dá dtagraítear i mír 7, i mír 9 agus i mír 10;

(d) 

mionsonraí na faisnéise maidir le hidirbhearta laistigh de ghrúpa a bheidh díolmhaithe agus dá dtagraítear i mír 11.

(e) 

na conarthaí a meastar éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha a bheith acu laistigh den Aontas nó na cásanna ina mbeadh sé riachtanach nó iomchuí cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo, amhail dá dtagraítear i mír 12, a bheith á seachaint

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11 15.

Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh na ÚEManna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála comhchoiteanna ina sonrófar na nithe seo a leanas:

▼M12

(a) 

na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na leibhéil agus an cineál comhthaobhachta, mar aon leis na socruithe um leithscaradh dá dtagraítear i mír 3;

▼M18

(aa) 

na nósanna imeachta maoirseachta, chun bailíochtú tosaigh agus leanúnach na nósanna imeachta bainistithe riosca dá dtagraítear i mír 3 a áirithiú arna gcur i bhfeidhm ag institiúidí creidmheasa a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE agus ag gnólachtaí infheistíochta a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ag a bhfuil, nó a bhaineann le grúpa ag a bhfuil, meánmhéid barúlach míosúil gan íoc de dhíorthaigh thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach dar luach EUR 750 billiún ar a laghad, arna ríomh i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála atá le forbairt ag na ÚMEnna i gcomhréir leis an mír seo;

▼M10

(b) 

na nósanna imeachta atá le leanúint ag na contrapháirtithe agus ag na húdaráis inniúla ábhartha nuair a chuirfear na díolúintí faoi mhír 6 go mír 10 i bhfeidhm;

(c) 

na critéir infheidhme dá dtagraítear i mír 5 go mír 10 lena n-áirítear go háirithe gach ar cheart a mheas mar bhac praiticiúil nó dlíthiúil ar aistriú pras cistí dílse idir contrapháirtithe agus ar dhliteanais a aisíoc eatarthu.

Déanfar an leibhéal agus an cineál comhthaobhachta i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích ag eintitis bannaí faoi chumhdach i dtaca le banna cumhdaithe, nó arna gcur i gcrích ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i dtaca le hurrúsú, de réir bhrí an Rialacháin seo, agus a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 4(5) den Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18, agus in Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 agus de Rialachán (AE) 2017/2402 [An Rialachán Urrúsúcháin] a chinneadh agus cuirfear san áireamh aon bhaic ar chomhthaobhacht a mhalartú maidir le socruithe comhthaobhachta a bheidh ann cheana faoin mbanna faoi chumhdach nó faoin urrúsú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, cé is moite de na dréachtchaighdeáin sin dá dtagraítear i bpointe (aa) den chéad fhomhír, faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2018.

Cuirfidh ÚBE, i gcomhar le ESMA, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (aa), faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.

Ag brath ar nádúr dlíthiúil an chontrapháirtí, tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.