|
+Airteagal 11 7. |
Airteagal 11 7.Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag comhpháirtithe neamhairgeadais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;
(b)
nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha. Tabharfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 10(5) go bhfuil sé ar intinn aige an díolúine a chur i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí go dtí an tráth, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ach amháin nach gcomhaontóidh ceann amháin nó ceann eile de na húdaráis inniúla ar cuireadh fógra chucu go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|