|
+Airteagal 17 3b. |
Airteagal 17 3b.Le linn na tréimhse measúnaithe riosca, déanfaidh údarás inniúil an CPL an méid seo a leanas, tríd an mbunachar sonraí lárnach:
(a)
féadfaidh sé ceisteanna a chur ar an CPL is iarratasóir agus faisnéis chomhlántach a iarraidh air;
(b)
déanfaidh sé ceisteanna ó ESMA nó ó aon chomhalta den choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 a chomhordú agus a chur faoi bhráid an CPL is iarratasóir; agus
(c)
comhroinnfidh sé le ESMA agus le comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 na freagraí uile a thugann an CPL is iarratasóir. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis a iarrtar curtha ag údarás inniúil an CPL faoi bhráid ESMA ná faoi bhráid aon chomhalta den choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh a thíolacadh, féadfaidh ESMA nó aon chomhalta den choláiste sin dá dtagraítear in Airteagal 18 a iarraidh a chur go díreach faoi bhráid an CPL tríd an mbunachar sonraí lárnach. I gcás nár fhreagair an CPL is iarratasóir na ceisteanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír laistigh den sprioc-am a leag an t-údarás a d’iarr an fhaisnéis síos, féadfaidh údarás inniúil an CPL, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás iarrthach, a chinneadh síneadh 10 lá ar a mhéad a chur leis an tréimhse ábhartha measúnaithe riosca aon uair amháin ar an iomlán más rud é, dar leis nó dar leis an údarás iarrthach, go bhfuil aon cheann de na ceisteanna ábhartha don mheasúnú. Cuirfidh an t-údarás inniúil an CPL is iarratasóir ar an eolas, tríd an mbunachar sonraí lárnach, faoin síneadh ar an tréimhse a sholáthraítear. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh i dtaobh an iarratais in éagmais fhreagra an CPL. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|