+Airteagal 17 Nós imeachta chun údarú a dheonú agus a dhiúltú
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 3a.
---+Airteagal 17 3b.
---+Airteagal 17 3c.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.

Airteagal 17 Nós imeachta chun údarú a dheonú agus a dhiúltú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.
Tíolacfaidh an CPL is iarratasóir iarratas ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 14(1) nó iarratas ar údarú atá cheana ann a leathnú dá dtagraítear in Airteagal 15(1) i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach. Déanfar an t-iarratas a chomhroinnt láithreach tríd an mbunachar lárnach sin le húdarás inniúil an CPL, le ESMA agus leis an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18.

Soláthróidh an CPL is iarratasóir an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú go bhfuil na socruithe uile is gá bunaithe aige, tráth an údaraithe tosaigh, chun na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás ina bhfuil iarratas ar údarú atá cheana ann a leathnú de bhun Airteagal 15 á dhéanamh ag CPL, soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú, tráth deonaithe leathnaithe den sórt sin, go bhfuil gach socrú breise bunaithe aige chun aon cheanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh i leith leathnú den sórt sin.

I gcomhréir le hAirteagal 17c, seolfar admháil tríd an mbunachar sonraí lárnach go bhfuarthas an t-iarratas laistigh de 2 lá oibre ón iarratas sin a thíolacadh faoin gcéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 17 2.
Tar éis an admháil dá dtagraítear i mír 1, an tríú fomhír, a fháil, tabharfaidh údarás inniúil an CPL fógra don CPL is iarratasóir i dtaobh an bhfuil na doiciméid agus an fhaisnéis is gá san iarratas.

Déanfar an fógra a sheoladh laistigh de:

(a) 

20 lá oibre ón admháil a fháil, i gcás ina ndearna an CPL is iarratasóir iarratas ar údarú de bhun Airteagal 14(1); nó

(b) 

10 lá oibre ón admháil a fháil, i gcás ina ndearna an CPL is iarratasóir iarratas ar údarú atá ann cheana a leathnú de bhun Airteagal 15(1).

I gcás ina gcinneann údarás inniúil an CPL, le linn na tréimhse is infheidhme a shonraítear faoin dara fomhír den mhír seo, nár tíolacadh na doiciméid ná an fhaisnéis uile a cheanglaítear de bhun Airteagal 14(6) agus (7) nó Airteagal 15(3) agus (4), iarrfaidh sé ar an CPL is iarratasóir na doiciméid bhreise nó an fhaisnéis bhreise sin a thíolacadh tríd an mbunachar sonraí lárnach. Diúltófar don iarratas ar údarú nó don iarratas ar údarú a leathnú i gcás ina gcinneann údarás inniúil an CPL gur mhainnigh an CPL is iarratasóir aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh. Cuirfidh údarás inniúil an CPL an CPL ar an eolas faoin méid sin tríd an mbunachar sonraí lárnach.

Airteagal 17 3.
Déanfaidh údarás inniúil an CPL measúnú riosca ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo ag an CPL laistigh den tréimhse a shonraítear faoin dara fomhír (“an tréimhse measúnaithe riosca”).

Déanfar an measúnú riosca laistigh de:

(a) 

80 lá oibre ón dearbhú a leagtar amach i mír 2, an dara fomhír, pointe (a), i gcás ina ndéantar iarratas faoi Airteagal 14(1); nó

(b) 

40 lá oibre ón dearbhú a leagtar amach i mír 2, an dara fomhír, pointe (b), i gcás ina ndéantar iarratas faoi Airteagal 15(1).

Faoi dheireadh na tréimhse measúnaithe riosca, cuirfidh údarás inniúil an CPL a dhréachtchinneadh agus a thuarascáil faoi bhráid ESMA agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tríd an mbunachar sonraí lárnach.

Tar éis an dréachtchinneadh agus an tuarascáil dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a fháil, agus ar bhonn na bhfionnachtana a thugtar iontu, déanfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, laistigh de 15 lá oibre, tuairim a ghlacadh de bhun Airteagal 19 lena gcinntear an gcomhlíonann an CPL is iarratasóir na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus tarchuirfidh sé chuig údarás inniúil an CPL agus chuig ESMA í i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach.

Féadfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann sé a bheith riachtanach a áireamh ina thuairim chun aon easnaimh i mbainistiú riosca an CPL a mhaolú.

Tar éis an dréachtchinneadh agus an tuarascáil dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a fháil, glacfaidh ESMA tuairim laistigh de 15 lá oibre lena gcinntear an gcomhlíonann an CPL is iarratasóir na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 23a(1), pointe (e), Airteagal 23a(2), agus Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus tarchuirfidh sé chuig údarás inniúil an CPL agus chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 í.

Féadfaidh ESMA aon choinníoll nó aon mholadh a áireamh ina thuairim a mheasann sé a bheith riachtanach chun aon easnamh i mbainistiú riosca an CPL a mhaolú i ndáil le rioscaí trasteorann sainaitheanta nó rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais.

Airteagal 17 3a.
Gan dochar don tuairim dá dtagraítear i mír 3, an séú fomhír, den Airteagal seo, tar éis an dréachtchinneadh agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3, an tríú fomhír, den Airteagal seo a fháil, féadfaidh ESMA, i gcomhréir le hAirteagal 23a agus le hAirteagal 24a(7), tuairim a thabhairt freisin ar an dréachtchinneadh sin don údarás inniúil i gcás inar gá sin chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus comhleanúnach airteagail ábhartha a chur chun cinn, laistigh de 15 lá oibre ón dréachtchinneadh a fháil.

I gcás ina léirítear easpa cóineasaithe nó comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo leis an dréachtchinneadh a chuirtear faoi bhráid ESMA i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, eiseoidh ESMA treoirlínte nó moltaí chun an chomhsheasmhacht nó an comhleanúnachas is gá a chur chun cinn i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Déanfar na tuairimí arna nglacadh ó ESMA agus ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 a chur faoi bhráid na bhfaighteoirí faoi seach i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach.

Airteagal 17 3b.

Le linn na tréimhse measúnaithe riosca, déanfaidh údarás inniúil an CPL an méid seo a leanas, tríd an mbunachar sonraí lárnach:

(a) 

féadfaidh sé ceisteanna a chur ar an CPL is iarratasóir agus faisnéis chomhlántach a iarraidh air;

(b) 

déanfaidh sé ceisteanna ó ESMA nó ó aon chomhalta den choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 a chomhordú agus a chur faoi bhráid an CPL is iarratasóir; agus

(c) 

comhroinnfidh sé le ESMA agus le comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 na freagraí uile a thugann an CPL is iarratasóir.

I gcás nach bhfuil an fhaisnéis a iarrtar curtha ag údarás inniúil an CPL faoi bhráid ESMA ná faoi bhráid aon chomhalta den choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh a thíolacadh, féadfaidh ESMA nó aon chomhalta den choláiste sin dá dtagraítear in Airteagal 18 a iarraidh a chur go díreach faoi bhráid an CPL tríd an mbunachar sonraí lárnach.

I gcás nár fhreagair an CPL is iarratasóir na ceisteanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír laistigh den sprioc-am a leag an t-údarás a d’iarr an fhaisnéis síos, féadfaidh údarás inniúil an CPL, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás iarrthach, a chinneadh síneadh 10 lá ar a mhéad a chur leis an tréimhse ábhartha measúnaithe riosca aon uair amháin ar an iomlán más rud é, dar leis nó dar leis an údarás iarrthach, go bhfuil aon cheann de na ceisteanna ábhartha don mheasúnú. Cuirfidh an t-údarás inniúil an CPL is iarratasóir ar an eolas, tríd an mbunachar sonraí lárnach, faoin síneadh ar an tréimhse a sholáthraítear. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh i dtaobh an iarratais in éagmais fhreagra an CPL.

Airteagal 17 3c.
Laistigh de 10 lá oibre ó na tuairimí ó ESMA agus ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, arna nglacadh faoi mhír 3, an ceathrú fomhír agus an séú fomhír, faoi seach, den Airteagal seo a fháil, agus, i gcás ina n-eisítear í, ón tuairim ó ESMA arna glacadh faoi mhír 3a, an chéad fhomhír, den Airteagal seo a fháil, glacfaidh údarás inniúil an CPL a chinneadh agus tarchuirfidh sé chuig ESMA agus chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 é tríd an mbunachar sonraí lárnach.

I gcás nach léirítear tuairim an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 leis an gcinneadh ó údarás inniúil an CPL, lena n-áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá inti, beidh míniú lánréasúnaithe ann ar aon imeacht suntasach ón tuairim sin nó ó na coinníollacha nó moltaí sin.

I gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an CPL tuairim ó ESMA ná aon choinníoll ná aon mholadh a áirítear inti, nó nach bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh, cuirfidh ESMA an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoi sin i gcomhréir le hAirteagal 24a. Áireofar san fhaisnéis freisin an réasúnaíocht ó údarás inniúil an CPL maidir leis an neamhchomhlíonadh nó maidir leis an rún atá aige gan comhlíonadh a dhéanamh.

Airteagal 17 4.

Déanfaidh údarás inniúil an CPL, tar éis dó na tuairimí ó ESMA agus ón gcoláiste dá bhforáiltear i míreanna 3 agus 3a den Airteagal seo a bhreithniú go cuí, lena n-áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá iontu, a chinneadh údarú dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15(1), an dara fomhír, a dheonú, i gcás ina bhfuil sé lánsásta gur fíor an méid seo a leanas i gcás an CPL is iarratasóir agus sa chás sin amháin:

(a) 

comhlíonann sé na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, maidir le seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh a sholáthar le haghaidh ionstraimí neamhairgeadais; agus

(b) 

tugtar fógra ina leith mar chóras de bhun Threoir 98/26/CE.

I gcás ina ndéanann CPL iarratas ar údarú atá cheana ann a leathnú de bhun Airteagal 15, féadfaidh ESMA, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 agus údarás inniúil an CPL dul i muinín cuid den mheasúnú a rinneadh roimhe sin de bhun an Airteagail seo a mhéid nach n-athrófar an measúnú a rinneadh roimhe sin nó nach ndéanfar difear ar shlí eile don mheasúnú a rinneadh roimhe sin de thoradh an iarratais ar leathnú i gcás na coda sin. Dearbhóidh an CPL d’údarás inniúil an CPL nach bhfuil aon athrú ar fhíorais bhunúsacha na coda sin den mheasúnú.

Ní údarófar an CPL is iarratasóir sna cásanna seo a leanas:

(a) 

chinn údarás inniúil an CPL gan an t-údarú a dheonú; nó

(b) 

tagann comhaltaí uile an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, cé is moite d’údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an CPL is iarratasóir bunaithe, ar thuairim chomhpháirteach trí chomhaontú frithpháirteach, de bhun Airteagal 19(1), nach bhfuil an CPL is iarratasóir le húdarú.

Luafar i scríbhinn sa tuairim chomhpháirteach dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (b), den mhír seo na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe a mheasann an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo ná i ndlí eile de chuid an Aontais.

I gcás nach dtagtar ar thuairim chomhpháirteach den sórt sin trí chomhaontú frithpháirteach agus ina dtugann tromlach dhá thrian de chomhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim dhiúltach uathu, féadfaidh aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, bunaithe ar an tromlach sin, an t-ábhar a tharchur chuig ESMA, laistigh de 30 lá féilire ón tuairim dhiúltach sin a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Sa chinneadh i dtaobh an t-ábhar a tharchur chuig ESMA, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe a mheasann an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo ná i ndlí eile de chuid an Aontais. Sa chás sin, déanfaidh údarás inniúil an CPL a chinneadh maidir le húdarú a chur siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh maidir le húdarú a d’fhéadfadh ESMA a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh údarás inniúil an CPL a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ESMA. Ní dhéanfar an t-ábhar a tharchur chuig ESMA tar éis dheireadh na tréimhse 30 lá dá dtagraítear sa chúigiú fomhír den mhír seo.

I gcás ina dtagann comhaltaí uile an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, cé is moite d’údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an CPL is iarratasóir bunaithe, ar thuairim chomhpháirteach trí chomhaontú frithpháirteach, de bhun Airteagal 19(1), nach bhfuil an CPL is iarratasóir le húdarú, féadfaidh údarás inniúil an CPL an t-ábhar a tharchur chuig ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an CPL bunaithe an cinneadh a tharchur chuig na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.

Déanfaidh an t-údarás inniúil, gan moill mhíchuí tar éis cinneadh a dhéanamh i dtaobh údarú a dheonú nó a dhiúltú faoi mhír 3c, an CPL is iarratasóir a chur ar an eolas i scríbhinn maidir lena chinneadh tríd an mbunachar sonraí lárnach, mar aon le míniú lánréasúnaithe.

Airteagal 17 5.
Gníomhóidh ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 sa chás ina dtarlaíonn sé nach ndearna údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh forálacha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, nó go ndearna sé iad a chur i bhfeidhm ar chaoi a dhealródh a bheith ag sárú dhlí an Aontais.

Féadfaidh ÚEUM imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm, arna iarraidh sin ag aon chomhalta den choláiste nó ar a thionscnamh féin, tar éis dó údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chur ar an eolas.

Airteagal 17 6.
Agus a chuid dualgas á gcomhlíonadh aige, ní dhéanfaidh gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh aon chomhalta den choláiste idirdhealú, go díreach nó go neamhdhíreach, in aghaidh aon Bhallstáit nó ar aon ghrúpa Ballstát mar ionad le haghaidh seirbhísí imréitigh in aon airgeadra.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.